Deontas Aistriúcháin
Samhain 3, 2010
- An bhfuil suíomh gréasáin na scoile á uasdátú faoi láthair?
- An bhfuil pleananna, polasaithe nó nuachtlitir scoile á chur le chéile agaibh?
- An bhfuil sé deacair an saineolas agus an t-am a fháil rudaí a aistriú go Gaeilge?
Tá deontas aistriúcháin á sholáthar ag GAELSCOILEANNA TEO. (le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge). Beimid in ann aisíoc a dhéanamh ar admháil a fhaightear d’uasmhéid €100 d’obair aistriúcháin nó profála.
Ar an meán, gearrtar 10c in aghaidh an fhocail don aistriúchán agus €30 san uair le aghaidh profála. Is é an t-aon choinníoll a bhaineann le ceadú an deontais seo ná go mbainfear leas as painéal d’aistritheoirí gairmiúla Fhoras na Gaeilge.
Tá Aoine 26 Samhain luaite mar spriocdháta. Ní gá ach ríomhphost a chur chugainn le cur isteach ar an deontas: oifig@gaelscoileanna.ie.