Méid an Téacs

Dianchúrsa Traenála i Scileanna Raidió ó Raidió Fáilte

Eanáir 15, 2014

Ar mhaith leat bheith i do craoltóir ar Raidió Fáilte? Tá Raidió Fáilte ar lorg Gaeilgeoirí cruthaitheacha le páirt a ghlacadh i dianchúrsa traenála Raidió Fáilte i gcomhar le Ciste Craoltóireachta na Gaeilge de chuid Scáileán Thuaisceart Éireann. Beidh an cúrsa ag tosú ar an 1ú Feabhra 2014 agus mairfidh sé 4 seachtain san iomlán (gach Satharn 10:00rn-1:00in). Cúrsa saor in aisce atá ann agus tá sé oscailte do Ghaeilgeoirí thar 18 bliain d’aois.

Dianchúrsa i scileanna raidió agus craoltóireachta atá i gceist. Foghlaimeoidh na rannpháirtithe an dóigh lena gclár raidió féin a ullmhú, a chur i láthair, a thaifead agus a chur in eagar. Le cois bunscileanna craoltóireachta, beidh an deis ag na rannpháirtithe scileanna taighde agus iriseoireachta a fhoghlaim, scileanna agallaimh agus cur i láthair, scriptscríbhneoireacht, eagarthóireacht agus meascadh fuaime, an dóigh le trealamh ardteicniúil taifeadta agus eagarthóireachta Raidió Fáilte a úsáid taobh istigh den stiúideo agus úsáid gléasanna taifeadta in-iompraithe le hagallaimh, vox-pops agus imeachtaí a thaifead taobh amuigh den stiúideo.

Bíonn Raidió Fáilte ag craoladh scoth na gclár Gaeilge – 7 lá na seachtaine, 24 uair sa lá – óna stiúideo ar Bhóthar na bhFál, i gCeathrú Ghaeltachta Bhéal Feirste. Deis iontach atá sa chúrsa traenála seo le tús a chur le slí bheatha sna meáin chumarsáide mar láitheoir raidió nó mar iriseoir agus do chlár raidió féin a léiriú ar stáisiún raidió lán-Ghaeilge. Beidh aoi-chainteoirí ag teacht isteach ó na meáin chumarsáide náisiúnta le comhairle a thabhairt do dhuine ar bith atá ag smaoineamh faoi shlí bheatha in earnáil an raidió nó sna meáin chumarsáide.

Gabh i dteagmháil le Dónall Chaoimhín Mac Murchaidh Oifigeach Traenála agus Léiriúcháin Raidió Fáilte ar 028 90 310013 nó seol ríomhphost chuig donall@raidiofailte.com roimh an 27ú Eanáir 2014.

Tuilleadh sonraí le fáil ar www.raidiofailte.com

Foilsithe ar Gaelport.com