Dioplóma sa Ghaeilge Fheidhmeach
Meitheamh 12, 2013
An bhfuil cáilíocht aitheanta uait sa teanga?
Cuirfear tús leis an gcúrsa seo i mí Mheán Fómhair 2013.
Beidh deis ag na rannpháirtithe a gcumas agus a gcuid scileanna teanga a fhorbairt i rith an chúrsa chun cabhrú leo feidhmiú go héifeachtach trí mheán na Gaeilge i réimsí éagsúla den saol.
- Chomh maith leis an teanga féin, beidh gnéithe de litríocht agus d’oidhreacht na Gaeilge i gceist, mar aon leis an teanga sa saol comhaimseartha.
- Ceardlanna seachas léachtaí a bheidh i gceist den chuid is mó.
- Beidh páirt an-ghníomhach ag na rannpháirtithe féin sa chúrsa agus beidh deis acu a gcuid tuairimí a chur in iúl agus tarraingt as a dtaithí féin.
- Beidh béim láidir ar obair bheirte agus ar obair ghrúpa sna ranganna.
Tá an cúrsa seo dírithe ar an bpobal i gcoitinne agus beidh sé oiriúnach go speisialta do dhaoine sa tseirbhís phoiblí agus do dhaoine atá ag iarraidh barr feabhais a chur ar a gcuid Gaeilge.
Ábhar an chúrsa
Cuirtear béim faoi leith sa chúrsa ar:
- Scileanna teanga (léamh, éisteacht, scríobh, labhairt)
Beidh roinnt ranganna/léachtaí bunaithe ar:
- An Ghaeilge sa saol comhaimseartha (na meáin chumarsáide, eagraíochtaí Gaeilge, an Ghaeltacht)
- Cultúr agus oidhreacht (logainmneacha, sloinnte, béaloideas, an amhránaíocht)
- Litríocht (filíocht agus prós)
Sprioclá Iontrála: 5:00 p.m. ar an Aoine, 16 Lúnasa 2013.
Gheofar eolas breise faoi na cúrsaí agus faoi na scoláireachtaí ó:
Kathleen Clune, Riarthóir na Gaeilge, nó Eimhear Ní Dhuinn
Ríomhphost: kathleen.clune@ucd.ie / eimhear.nidhuinn@ucd.ie
Tá tuileadh eolais faoin ar fáil ón mbróisiúr: http://www.ucd.ie/t4cms/DiopGF%202013_15%20UCD%20ScoilnaGaeilge_1.pdf.
Teileafón: + 353 1 716 8385 nó 716 8314
An Cháilíocht
Glacann An Roinn Oideachais agus Eolaíochta leis an Dioplóma sa Ghaeilge Fheidhmeach mar cháilíocht Ghaeilge don Chúrsa Iarchéime don Bhunmhúinteoireacht.
Foilsithe ar Gaelport.com