DVD gairmthreorach ar fáil i nGaeilge
Samhain 14, 2012
Seoladh DVD gairmthreorach le déanaí ina bhfuil leideanna agus comhairle curtha ar fáil do dhaltaí scoile ar fud an oileáin maidir leis na deiseanna atá ann d’fhostaithe a bhfuil spéis acu an Ghaeilge a úsáid ina ngairmeacha beatha.
Sheol an craoltóir Lynette Fay an pacáiste Céim Chun Tosaigh: ag obair le Gaeilge le linn Oireachtas na Samhna ar 02 Samhain.
Is pacáiste ilmheáin é Céim Chun Tosaigh: ag obair le Gaeilge atá curtha i dtoll a chéile ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus Comhar na Múinteoirí Gaeilge do dhaltaí atá sa tsraith shinsearach ag an dara leibhéal ar fud na tíre.
Tá i gceist ag Céim Chun Tosaigh: ag obair le Gaeilge eolas a chur ar fáil maidir le cúrsaí tríú leibhéil, deiseanna oiliúna agus na deiseanna éagsúla a bheidh ar fáil do scoláirí tar éis na scrúduithe Ardteiste agus A leibhéil.
Curtha i láthair ag Ciarán Ó Conghaile agus Sibéal Davitt, cloisimid scéal beathaisnéisí ó aisteoir, ealaíontóir, preas-oifigeach san airm, múinteoir ríomhaireachta, dlí-theangeolaí, ateangaire, tuairisceoir nuachta, múinteoir Gaeilge thar lear, stiúrthóir naíonra, agus múinteoir surfála ar chuidigh an Ghaeilge go mór leo spriocanna uaillmhianacha a bhaint amach ó thaobh gairme de.
Anuas air sin, tugtar aird ar staid reatha na fostaíochta i réimsí oibre éagsúla agus is cosúil gur éirigh le roinnt de na rannpháirtithe poist dhúshlánacha le Gaeilge a bhaint amach i bhfad i gcéin ó Nua-Eabhrac go dtí an Bhruiséil.
Leis sin, tugtar léargas ar na scileanna inaistrithe a bhíonn ag scoláirí a bhfuil cúpla teanga ar a dtoil acu agus na réimsí oibre éagsúla atá oscailte dóibh.
Tá fotheidil Ghaeilge agus Bhéarla ar fáil sa DVD agus beidh sé áisiúil mar áis teagaisc i scoileanna ar bhonn uile-oileáin.
Is le cúnamh maoinithe ó Fhoras na Gaeilge; ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta agus ó Líonraí Proifisiúnta Múinteoirí a chuir Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus Comhar na Múinteoirí Gaeilge an áis teagaisc ar fáil.