Méid an Téacs

€ 3.4M do Lárionad Forbartha Gaeilge agus Gaeltachta

Meán Fómhair 13, 2013

Tá pleananna fógartha inniu chun Lárionad Forbartha Gaeilge agus Gaeltachta a fhorbairt i mBaile an Fheirtéaraigh i gContae Chiarraí. Cosnóidh an t-ionad seo, ina mbeidh achar de 1,400 méadar cearnach, suas le €3.4M.

San ionad nua, beidh oifigí agus áiseanna nua do Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne Teo; Ionad Tacaíochta Teaghlaigh ina mbeidh áiseanna nua don naíonra agus seirbhísí réamhscoile; spás oiliúna; agus trí aonad fiontraíochta de chuid an Údaráis. Tá sé beartaithe freisin go dtógfaí clós súgartha poiblí do pháistí ar an suíomh, atá lonnaithe ar imeall shráidbhaile an Bhuailtín.

Tá €1.74M curtha ar fáil don tionscadal ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, tá €500,000 curtha ar fáil ag Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne, agus is iad Údarás na Gaeltachta a chuirfidh an fuílleach (€1.2M) ar fáil. Tá súil go mbeidh an obair fhorbartha curtha i gcrích faoi fhómhar na bliana seo chugainn.

D’fháiltigh an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., roimh an fhorbairt, ag rá: “Beidh na seirbhísí tacaíochta teanga a bheidh ar fáil tríd an ionad forbartha seo de dhíth chun tacaíocht a thabhairt do Chorca Dhuibhne mar cheantar Gaeltachta. Léiríonn an fhorbairt seo cur i bhfeidhm praiticiúil na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus beidh an togra seo lárnach chun tacaíocht a thabhairt don phróiseas pleanála teanga i gCorca Dhuibhne.”

Dúirt Cathaoirleach an Údaráis, Anna Ní Ghallachair, “Is togra iontach tábhachtach é seo do Ghaeltacht Chorca Dhuibhne agus do pobal na háite. Déanfar freastal ar riachtanais thacaíochta teanga agus luath-oideachais agus cuirfear áiseanna nua-aimseartha oiliúna, fiontraíochta agus cruthú fostaíochta ar fáil ar mhaithe le neartú agus buanú an phobail agus na Gaeilge sa cheantar”.

Dúirt Éamonn Ó Neachtain, Bainisteoir Réigiúnach an Údaráis go bhfuil ról lárnach ag Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne Teo agus a chuid fochomhlachtaí i bhforbairt agus i mbuanú na Gaeilge i nGaeltacht Chorca Dhuibhne, chomh maith le tionchar ollmhór acu ar an eacnamaíocht áitiúil. Dar le Ó Neachtain go gcuirfidh an fhorbairt seo le líon agus le caighdeán na seirbhísí a bheidh ar fáil sa cheantar, le hinmharthanacht phobail, le seirbhísí bun-riachtanacha agus le buanú agus deiseanna fostaíochta i gCorca Dhuibhne.

Foilsithe ar Gaelport.com