Méid an Téacs

‘Fáilte isteach i mo shaol’

Samhain 27, 2013

Tá acmhainní i nGaeilge seolta ag Comhairle Cathrach Dhoire le tacú le héagsúlacht chultúrtha a chothú i measc pháistí na cathrach.

Tá cur síos san acmhainn ar na seacht bpobal éagsúla atá ag cur fúthu i gcathair Dhoire.

Ba chomhthionscnamh é ‘Fáilte isteach i mo shaol’ idir an Oifig Chomhionannais agus Oifig na Gaeilge i gComairle Cathrach Dhoire.

Deir Pól Ó Frighil, Oifigeach Gaeilge na Comhairle, go bhfuil féidearthacht ann an áis a dháileadh saor in aisce ar scoileanna mórthimpeall na cúige.

D’fhreastail Meon Eile ar an seoladh agus labhair muid le hionadaithe na nGaelscolanna áitiúla agus le foireann na Comhairle Cathrach faoi chothú na héagsúlachta sa chathair.

Féach an físeán ar www.meoneile.ie.