Méid an Téacs

Féile Cásca Cheatharlach

Aibreán 15, 2014

Tá taithí bhreá ag muintir Cheatharlach ar cheiliúradh agus spraoi ag aimsir na Cásca le cúpla bliain anuas agus cé nach bhfuil an Fhéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach ar siúl ann a thuilleadh bí cinnte go mbeidh go leor siamsaíochta sa bhaile i mbliana.

An chúis ná go reachtálfar Féile Cásca Cheatharlach thar cheithre lá ó 24ú go 27ú Aibreán agus tá fáilte roimh chách… leanaigí suas go Ceatharlach! Seoladh clár na féile go poiblí i Siopalann Fairgreen ar an Domhnach agus roinneadh blas beag d’ábhar an chláir leis an bpobal a bhí san ionad ag an am. Is leir ón gclár galánta agus ón suíomh idirlín snasta go bhfuil ceiliúradh iontach i ndán don phobal uile.

I measc buaicphointí na féile tá Fleadh Cheoil an Chontae, taispeantas faoin aer ag Banna Ceoil na nGardaí, ceolchoirmeacha le hainmneacha aitheanta náisiúnta agus scoth na gceoltóirí áitiúla rannpháirteach gan trácht ar na seisiúin traidisiúnta ins na tithe tábhairne. Beidh scéalaíocht, ceardlanna sa rince céilí agus sa sean-nós, amhránaíocht agus damhsa, siúlóidí, comórtas buscála, peil ghaelach, siamsaíocht agus a lán lán eile.

Seoid faoi leith ná an ceolchoirm i gcuimhne ar Bhrian Bhorú agus Cath Chluain Tarbh a troideadh ar Aoine an Chéasta míle bliain ó shin. Reachtálfar ceolchoirm na mílaoise ar an Aoine, 25ú Aibreán ag 7.00i.n. in Eaglais Naomh Muire, Ceatharlach.

Cuirfidh scoth na gceoltóirí sa ghrúpa Tale of the Gael le Robert Tobin as Ceatharlach san áireamh scéal an chatha i láthair le focail agus foinn ar an gcláirseach, fidil, fliúit, píobaí agus eile.

Tá an clár agus gach eolas faoi Fhéile na Cásca ar an suíomh www.carloweasterfeile.ie. Leis na páistí ar laethanta saoire agus le rogha mór de na himeachtaí saor beifear ag súil leis na sluaithe i láthair ag ceiliúradh agus ag siamsaíocht thar cheithre lá agus ceithre oíche. Scaip an scéal agus leanaigí suas go Ceatharlach le haghaidh Féile na Cásca.

Gach eolas ar 087 2857048 agus 085 1340047.

www.carlow-nationalist.ie