Méid an Téacs

Gaeilge 24

Deireadh Fómhair 15, 2013

Mar chuid de Bhliain na Gaeilge beidh daltaí scoile ag tabhairt faoin dúshlán Gaeilge amháin a labhairt ar feadh 24 uair an chloig ar Dé Céadaoin 13 Samhain.

Beidh an dúshlán seo, Gaeilge 24, ar cheann de phríomhimeachtaí Bhliain na Gaeilge agus muid ag druidim i dtreo dheireadh na féile sin. Tagann an dúshlán nua seo sna sála ar churiarracht domhanda a baineadh amach le déanaí nuair a lean comhrá Gaeilge ar aghaidh ar feadh 168 n-uair an chloig gan stad ag grúpaí éagsúla ar fud na cruinne mar chuid den tionscadal Comhrá 24/7, a lean ón 29 Meán Fómhair – 06 Deireadh Fómhair.

Beidh an tionscadal seo oiriúnach do mhúinteoirí agus ceannairí óige atá ag iarraidh a gcuid daltaí a spreagadh ó thaobh na Gaeilge de. Gheobhaidh gach dalta pacáiste tacaíochta ina mbeidh t-léine, bileoga Fiche Frása agus smaointe don lá. Is dúshlán bailithe airgid é Gaeilge 24 agus beidh rogha acu siúd a thugann faoi urraíocht a bhailiú le cárta urraíochta nó síntiús airgid a thabhairt chun páirt a ghlacadh ann. Tabharfar gach brabús do Chiste na Teanga, chun tacú le cur chun cinn na Gaeilge ar fud na hÉireann.

Arsa Brenda Ní Ghairbhí, Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge: “Is é aidhm an dúshláin Gaeilge 24 ná daoine óga a spreagadh chun labhairt as Gaeilge amháin do 24 uair an chloig: sa bhaile, ar scoil, le siopaí agus gnólachtaí, timpeall an bhaile, le cairde, agus sa chlub spóirt nó sa chlub óige”.

Is féidir tuilleadh eolais faoin tionscadal seo a fháil ach teagmháil a dhéanamh le hoifig Sheachtain na Gaeilge, ag +353 (0)1 4757401 nó eolas@snag.ie.

www.gaelport.com