Méid an Téacs

Gaelscoil de hÍde, Roscomáin – Deich bliain ag Fás 2000-2010

Samhain 17, 2010

 

Tá Gaelscoil de hÍde ag comóradh 10 bliain i Roscomáin i mbliana. Is í Gaelscoil de hÍde an t-aon Ghaelscoil atá sa chontae. Bunaíodh an scoil i bPáirc an Mhóta sa bhliain 2000 le 17 dalta le Orla Ní Chuinneagáin mar Phríomhoide. Thosaigh an scoil ag borradh agus ag fás agus sa bhliain 2005 bhog sí go dtí suíomh nua ar Bhóthar na Gaillimhe. Sa lá tá inniu ann tá 180 dalta agus 10 múinteoir agus tá an scoil ag dul ó neart go neart. Tá Caoilfhionn Ní Chuinn Uí Chumhaill mar Chathaoirleach ar Bhoird Bhainistíochta na scoile ón tús agus tá Coiste na dTuistí láidir faoi stiúr Steve Gregory. Cuireadh tús leis an gceiliúradh ar an Aoine, 15/10/2010 le Aifreann Gaelach leis an gCanonach Pheadair Uí Láimhín I Séipéal an Chroí Ró Naofa. Ina dhiaidh sin, bhí spórt agus scléip ar chlós na scoile, áit a sheinn Banna Ceoil na scoile agus bhí go leor damhsa ann freisin. Rinne Múinteoir Sorcha Ní Fhilibín rinnce ar an sean-nós agus d’ardaigh sí chroí gach éinne. Bhí Frank Feighan, Teachta Dála, mar aoí speisialta ann. Labhair sé faoin mheas atá aige ar an dteanga agus faoin obair iontach atá ar siúl sa scoil Thug an Príomhoide Fheidhmeannach, Laoise Nic an Rí buíochas don Bhoird Bhainistíochta, dos na múinteoirí, na páistí agus Coiste na dTuiste as ucht an obair iontach atá ar siúl acu uile. Chuir Frank Feighan crann darach sa pháirc ansin agus labhair an Canónach Ó Láimhín go líofa faoi neart an chrainn seo a fhásann ar feadh na céadta bliain. Rinne sé trácht ar an Ghaelscoil, an teanga is an chultur agus a dtábhacht ins an tír agus b’é a ghuí go mbeadh Gaelscoil de hÍde ag dul ó neart go neart lámh leis an gcrann darach ins na blianta ata romhainn.