Gradaim Idirlín do Scoláirí Óga
Deireadh Fómhair 8, 2013
Beidh comórtas idirlín, Gradaim na nDamhán Alla de chuid Eircom, á oscailt go luath do scoláirí óga, chun aitheantas a thabhairt do shaothar teicneolaíochta dhaltaí scoile agus a múinteoirí i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna na tíre.
I measc na gcatagóir uile, tá gradaim ar leith don suíomh Gaeilge is fearr, bíodh sin ina suíomh Gaeilge amháin, nó ina suíomh dátheangach. Is féidir láithreán gréasáin nó blag a chur san áireamh don chomórtas seo, ach go mbeidh an Ghaeilge á húsáid ann ar bhealach cruthaitheach agus nuálach. Tá an catagóir don ‘Suíomh is Fearr’ urraithe ag Foras na Gaeilge.
Roinntear an comórtas i réimsí ar leith: MEGA do bhunscoileanna; GIGA d’ iar-bhunscoileanna, blianta 1-3; agus TERA d’iar-bhunscoileannta, blianta 4-6. Faoi gach aon réimse tá catagóirí ar leith d’ábhar áirithe.
Anuraidh ba iad Coláiste Íosagáin, Baile Átha Cliath a thóg leo an duais TERA don suíomh Gaeilge is fearr leis an suíomh ‘Níos Aclaí Anois’ agus bhí an bua ag Coláiste Cholmáin, Maigh Eo sa chatagóir céanna ag leibhéal GIGA lena suíomh ‘Irish Exam Guide’.
Osclófar an comórtas ar an 10 Samhain 2013, agus beidh go dtí 07 Feabhra 2014 ag scoláirí agus ag scoileanna chun cur isteach ar an gcomórtas. Eiseofar an gearrliosta ar an 19 Feabhra 2014, agus bronnfar na gradaim ag ócáid speisialta ar an 04 Márta 2014, san RDS i mBaile Átha Cliath 4. Beidh deis acu siúd ar fad a bhain an babhta ceannais amach a láithreáin ghréasáin a chur os comhair an phobail ag an ócáid seo.
Tá tuilleadh eolais faoin gcomórtas seo ar fáil ar www.juniorspiders.ie