Insealbhú an Choimisinéara
Márta 13, 2014
Tráthnóna inné, cheap Uachtarán na hÉireann, Michael D. Higgins, an tUasal Rónán Ó Domhnaill ina Choimisinéir Teanga.
Is as an gCeathrú Rua ó dhúchas do Rónán Ó Domhnaill (38), agus d’oibrigh sé le seacht mbliana anuas mar Chomhfhreagraí Polaitíochta le Nuacht RTÉ/TG4 agus mar bhall d’Aonad Polaitíochta RTÉ.
Tagann Ó Domhnaill mar chomharba ar Sheán Ó Cuirreáin, a d’fhógair ar 04 Nollaig 2013 go raibh sé le héirí as toisc gur mheas sé gur beag eile a d’fhéadfadh sé a bhaint amach go pearsanta i dtaca le cearta teanga phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. Ar na cúinsí laistiar dá chinneadh, thagair Ó Cuirreáin do lagú chóras na scéimeanna teanga, easpa inniúlacht Ghaeilge an státchórais, agus cinneadh an Rialtais cumhachtaí agus feidhmeanna reachtúla an Choimisinéara Teanga a aistriú chuig Oifig an Ombudsman.
Ag labhairt dó i ndiaidh a cheapacháin in Áras an Uachtaráin, dúirt an tUasal Ó Domhnaill gur ‘pribhléid agus onóir mhór’ dó a bheith ceaptha ina Choimisinéir Teanga agus dúirt go bhfuil i gceist aige an fód a sheasamh do phobal na Gaeilge, a gcearta teanga a chosaint ‘gan chamadh gan chlaonadh’ agus na dualgais reachtúla atá anois air a chomhlíonadh le fuinneamh agus le díograis.
Ag an ócáid in Áras an Uachtaráin, ghabh an tUasal Ó Domhnaill buíochas speisialta leis an iar-Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, le foireann na hoifige as a bhfáiltiú croíúil agus leis an Aire Stáit Gaeltachta, Dinny McGinley T.D agus le Rialtas na hÉireann as é a cheapadh.
www.gaelport.com