Méid an Téacs

Léiríonn mórmheasúnú idirnáisiúnta go bhfuil feabhas suntasach tagtha ar dhaltaí 15 bliana d’aois san Eolaíocht

Nollaig 3, 2013

Daltaí na hÉireann i measc na ndaltaí is fearr san OECD do litearthacht na léitheoireachta
Léiríonn na torthaí ón Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (OECD) / An Clár Idirnáisiúnta um Measúnú Daltaí (PISA) go bhfuil, i 2012, daltaí 15 bliana d’aois na hÉireann i measc na ndaltaí is fearr i dtíortha an OECD sa léitheoireacht agus go bhfuil siad ag feidhmiú go han-mhór os cionn mheáin an OECD sa mhatamaitic agus san eolaíocht. Léiríonn na torthaí seo feabhsúcháin suntasacha i ngach réimse nuair a cuirtear iad i gcomparáid iad leis na torthaí is déanaí ó PISA i 2009.
Baineann an dul chun cinn is mó leis na eolaíocht mar a bhfuil Éire anois sa 9ú háit as 34 tír OECD; ardú cúig áit atá anseo ó 2009. Tá Éire sa 4ú háit as 34 tír OECD don léitheoireacht agus sa 13ú háit as 34 tír OECD don mhatamaitic.
Sa léitheoireacht, d’éirigh níos fearr le daltaí na hÉireann ná mar a d’éirigh le daltaí sa Nua Shéalainn, san Astráil, i dTuaisceart na hÉireann, sa Ríocht Aontaithe agus sna Stáit Aontaithe agus tá sí anois sa 4ú háit as 34 tír OECD. Tá Éire ag feidhmiú anois ar an leibhéal céanna leis an bhFionlainn sa léitheoireacht agus chun tosaigh ar gach tír Eorpach eile.
Tá gnóthachtáil dhaltaí na hÉireann sa mhatamaitic os cionn mheáin an OECD anois agus rangaithe sa 13ú háit as 34 tír. Ach, ba chóir aird a thabhairt gur tháinig laghdú beag ar na meánscóir thar thíortha an OECD idir 2009 agus 2012, agus chuidigh sé seo le háit os cionn an mheáin na hÉireann i 2012.
Tharla titim gan choinne ar an ngnóthachtáil ag daltaí na hÉireann sa léitheoireacht agus sa mhatamaitic i 2009 agus tá an áit a bhí caillte faighte ar ais anois. Mar sin féin, is beag athrú atá tagtha ar scóir na léitheoireachta agus na matamaitice ó ghlac Éire páirt i PISA don chéad uiar i 2000. Os a choinne sin, tá feabhas tagtha ar ghnóthachtáil dhaltaí na hÉireann san eolaíocht i gcomparáid leis na timthriallacha roimhe seo.
Agus é ag tagairt do thorthaí PISA 2012 atá foilsithe inniu ag an OECD, dúirt an tAire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn T.D.:
‘‘Fáiltím roimh fhoilsiú na dtorthaí tábhachtacha seo ó thrialacha OECD PISA. Cé nach bhfuil againn anseo ach sraith torthaí ar leith ag poinnte ama ar leith, is cúis áthais dom a thabhairt faoi deara go bhfuil ag éirí go maith le daltaí na hÉireann sa léitheoireacht agus san eolaíocht agus go bhfuil ag éirí sách maith leo sa mhatamaitic. Is mian liom buíochas a ghabháil ach go háirithe le múinteoirí a dhéanann an oiread sin chun foghlaim a ndaltaí a chur chun cinn, agus leis na daltaí iad féin a bhí páirteach sna trialacha.
“Cúis áthais ar leith dom an fheabhas atá le feiceáil ar scóir na heolaíochta ag ár ndaltaí.
“Ní cóir dúinn glacadh go réidh le cúrsaí, áfach. Cé go bhfuil ag éirí go maith linn, nílimid ina measc siúd is fearr a bhfuil ag éirí leo go hidirnáisiúnta, go háirithe i gcás na matamaitice, mar a bhfuil gnóthachtáil ár ndaltaí díreach os chionn mheán an OECD. Tá dul chun cinn maith déanta againn chun gnóthachtáil na ndaltaí a raibh na torthaí is ísle acu sa mhatamaitic agus sa léitheoireacht a fheabhsú ach tá tearcfheidhmíocht ag baint le gnóthachtáil na ndaltaí is fearr i gomparáid le daltaí i dtíortha eile.
“Léiríonn PISA 2012 freisin go gcaithfear leanúint le cothú na léitheoireachta i measc na mbuachaillí agus le cothú na matamaitice i measc na gcailíní. Go deimhin caithfimid leanúint le feabhsú na gnóthachtála ag ár ndaltaí uile, más mian linn córas oideachais den scoth a bhaint amach. Caithfear gach dalta a dhúshlánú agus a spreagadh chun a lánacmhainn a bhaint amach le caighdeán breisithe sa bhfoghlaim agus sa teagasc.
‘‘Léiríonn PISA 2012 go dtógann sé am do thionscnaimh dul i bhfeidhm ar an ngnóthachtáil. Ní go dtí anois atá na tionchair dhearfacha le feiceáil ó na leasuithe ar an gcuraclam eolaíochta a tharla ag an mbunleibhéal i 1999 agus sa tSraith Shóisearach i 2003 a dhíríonn ar iniúchadh praiticiúl na ndaltaí. Sa chéad tréimhse eile de PISA i 2015, ba chóir go mbeadh léiriú le fáil againn ar thionchar na Straitéise Litearthachta agus Uimhearthachta, agus ar Project Maths, a bhíonn mar thaithí anois ag gach dalta a bhíonn ag tosú sa tSraith Shóisearach.
Mar fhocal scoir dúirt an tAire Quinn, ‘‘Is deimhniú iad torthaí PISA 2012 ar an dea-chleachtas a bhíonn ag tarlú ó lá go lá in ár scoileanna maidir le hathchóirithe a chur i bhfeidhm agus le bheith páirteach i dteagasc agus i bhfoghlaim ar ardchaighdeán. Tréaslaím lenár scoileanna ar na gnóthachtálacha seo. Tuigim gur féidir linn a bheith i measc na dtíortha is mó ardfheidmíochta ar domhain agus is mian liom iad siúd uile sa chóras oideachais a ghríosadh chun leanúint leis an dea-obair lena leithéid a bhaint amach.”

www.education.ie