Moltaí á gcur chun cinn ag Gaelscoileanna maidir le pleananna Ruairí Quinn rialachán a chur faoin gcleachtas iontrála i scoileanna na tíre
Bealtaine 23, 2013
Tá moltaí á gcur chun cinn ag ár gcairde ag Gaelscoileanna mar gheall ar an dréacht bhille atá idir lámha ag an Aire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn, rialachán a chur faoin gcleachtas iontrála i scoileanna na tíre, lena n-áirítear scoileanna lán-Ghaeilge idir bhunscoileanna agus iarbhunscoileanna.
Is mian le Quinn deireadh a chur leis an chleachtas ina dtugann scoileanna lán-Ghaeilge tús áiteanna do theaghlaigh lán-Ghaeilge, agus córas aonchineálacha á mholadh aige. Measann Gaelscoileanna nach dtógann an córas nua atá á moladh cosaint sainmheon teanga na scoileanna lán-Ghaeilge san áireamh.
Tá cleachtais agus polasaithe éagsúla i bhfeidhm i scoileanna Lán-Ghaeilge faoi láthair maidir le cúrsaí iontrála agus an Ghaeilge : tugann roinnt dóibh tús áite do pháistí ó theaghlaigh Gaeilge, tugann scoileanna eile tús áite do leanaí ó theaghlaigh a léiríonn tiomantas i dtaobh chur chun cinn na Gaeilge , agus tá scoileanna áirithe ann nach gcuireann ceist na teanga san áireamh.
Creideann Gaelscoileanna gur chóir go mbeadh sé de cheart ag scoileanna lán-Ghaeilge an próiseas iontrála a úsáid chun an sainmheon teanga a chosaint. I measc na moltaí atá á gcur chun cinn ag Gaelscoileanna sonraíonn siad gur chóir go mbeadh rogha ag na scoileanna tús áite do thabhairt do pháistí ó theaghlaigh lán-Ghaeilge sa phróiseas rollaithe agus go mbeadh sé de cheart ag iar-bhunscoileanna tús áite a thabhairt do pháistí a d’fhreastail ar bhunscoil lán-Gaeilge. Tá FNT ag tacú le Gaelscoileanna maidir leis an saincheist seo.
Ba mhaith le FNT an deis seo a thógáil freisin chun comhghairdeas a ghabháil lenár gcairde ag Gaelscoileanna a bheas ag ceiliúradh 40 bliain mar eagras i mbliana ag an Chomhdháil Bhliantúil. Beidh an Chomhdháil acu ar siúl ar an 22 agus 23 Samhain in Óstán an Johnstown House, Co. na Mí agus beidh an t-Uachtarán Micheál D. Ó hUiginn i láthair leis an chloch míle speisialta seo a cheiliúradh leo. Is léir go bhfuil obair luachmhar déanta ag Gaelscoileanna le blianta beaga anuas agus tá súil againn go mbeidh slua mór i láthair ag an gComhdháil lena n-éachtaí a cheiliúradh leo.