Mórphlean gníomhaíochta na Ceathrún Gaeltachta seolta
Meán Fómhair 24, 2013
Sheol trí Aire Rialtais Mórphlean Gníomhaíochta Deich mBliana na Ceathrún Gaeltachta ag cruinniú mullaigh i gColáiste Feirste ar na mallaibh.
“Tá dhá phríomhrud i gceist leis an Mhórphlean,” arsa Seán Mistéil, Cathaoirleach na Ceathrún.
“Tá muid ag iarraidh go mbeidh margaíocht níos fearr á déanamh ar an Cheathrú Ghaeltachta agus go mbeidh níos mó deiseanna ann do mhuintir an iarthair.”
Tugadh le fios; go gcuirfear tús le tógáil fhoirgneamh nua Coláiste Feirste i mí an Mheithimh 2014, go dtógfar Áras Gnó ar Bhóthar na bhFál (beidh státseirbhísí ag athlónú anseo), go dtógfar 60 teach/árasán do theaghlaigh le Gaeilge, go dtógfar spórtlann nua ar luach £3.5 milliún agus go dtógfar ionad liathróid lámha ar luach £.5 milliún sna blianta amach anseo.
“Bhí muintir an iarthair ar an ghannchuid le fada go leor,” arsa an tAire Cultúir, Ealáin agus Fóilíochta, Carál Ní Chuilín.
“Ní mór dúinn leas a bhaint as stádas na Ceathrún. Siocair go bhfuil na Ranna difriúla tagtha le chéile, is féidir linn aghaidh a thabhairt ar na riachtanais éagsúla a bhaineann leis an díothacht shóisialta agus ar na fáthanna éagsúla atá léi,” a dúirt an tAire.
Tá an Saineolaí Athghiniúna, Clive Dutton, fostaithe ag an Roinn Chultúir, Ealáin agus Fóilíochta le ceannasaíocht a dhéanamh ar an Phlean Gníomhaíochta. Deir sé go mbraitheann achtú an Phlean Mhóir ar chumas na n-údarás agus ar chumas ceannairí pobail le beartanna fiúntacha a chur i gcrích.
Féach an físeán ar www.meoneile.ie
Moltar sa tuarascáil go mbeidh:
- 100 gnó úr lonnaithe sa Cheathrú Gaeltachta faoi 2017
- Leibhéal fostaíochta ar chomhmhéid le leibhéal an tuaiscirt faoi 2017
- Deiseann buana fostaíochta a chruthú do chéimithe an Ghaeloideachais
- Athfhorbairt a dhéanamh ar cheantar Shráid an Chaisleáin
- Méadú faoi dhó ar líon na múrphictiúir sa Cheathrú Gaeltachta faoi 2016.
- Aithne ar Bhéal Feirste mar ‘Chathair na múrphictiúir’ go hidirnáisiúnta faoi 2016
- Líon na dtuarasóirí méadaithe go 250,000 faoi 2018
- Tús le tógáil fhorgneamh nua Choláiste Feirste in Earrach, 2014
- Plean teanga comhtháthaithe i bhfeidhm roimh Dheireadh Fómhar, 2014