Méid an Téacs

Na Rúin ó CCB Gaelscoileanna Teo.

Samhain 29, 2010

Reáchtáladh Cruinniú Cinn Bhliana agus Comhdháil Oideachais 2010 GAELSCOILEANNA TEO. san Óstán Tullamore Court ar an 20 Samhain. Mar chuid den CCB, pléadh na rúin seo a leanas agus glacadh leo go léir d’aonghuth (seachas rún 9 ar thit mír C de).  

Rúin 2010
BUNÚ SCOILEANNA

1. Gaelscoil Ráth Tó

a) Cáineann an Chomhdháil seo cinneadh na Roinne Oideachais agus Scileanna gan aitheantas a thabhairt do Choiste Bunaithe Ghaelscoil Rath Tó oscailt i Meán Fómhair 2010, in ainneoin éileamh an-mhór cruthaithe don ghaelscoil.
b) Molann an Chomhdháil seo díograis agus dílseacht an Choiste Bunaithe oscailt gan aitheantas.
c) Dearbhaíonn an Chomhdháil seo tacaíocht iomlán na heagraíochta don scoil agus don choiste bunaithe.
d) Aithnímid an tacaíocht atá léirithe ag scoileanna, ag na heagrais Ghaeilge agus ag an ngrúpa Aitheantas don fheachtas, agus
e) Éilimid go dtabharfar aitheantas do Ghaelscoil Ráth Tó láithreach chun gur féidir léi freastal ar an éileamh ollmhór a bheidh ar áiteanna sa scoil sna blianta romhainn.
Bord Stiúrtha, GAELSCOILEANNA TEO.

2. Cearta Tuismitheoirí i leith Gaeloideachais dá bPáistí

Dearbhaíonn an Chomhdháil seo cearta tuismitheoirí an gaeloideachas a bheith mar rogha
oideachais dá gcuid páistí agus troidfimid go tréan ar son éilimh ar an ngaeloideachas mar chritéar lárnach in aon phróiseas nua aitheantais scoile don bhunleibhéal agus don
iar-bhunleibhéal.
Bord Stiúrtha, GAELSCOILEANNA TEO.

3. Próiseas Aitheantais Iar-bhunscoileanna

Éilíonn an Chomhdháil seo ar an Roinn Oideachais & Scileanna éagsúlacht scoilcheantar agus
sainriachtanais na ngaelcholáistí a áireamh agus na critéir / treoirlínte nua maidir le bunú scoile á dhréachtú acu.
Gaelscoil Bhaile Brigín, Baile Átha Cliath.

BUANÚ SCOILEANNA

4. An Gaeloideachas i gcroílár na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge

Aithníonn an Chomhdháil seo go bhfuil forbairt an Ghaeloideachais i gcroílár na Straitéise 20
Bliain don Ghaeilge agus éilimid:
a) Go gcuirfí na gealltanais uile atá ann i bhfeidhm de réir sceideal agus próiseas comhaontaithe i gcomhar leis na páirtithe cuí.
b) Go gcuirfear struchtúr oifigiúil i bhfeidhm, a dhéanfaidh soláthar agus ordú ar sheirbhísí oideachasúla trí mheán na Gaeilge do na scoileanna lán-Ghaeilge.
c) Go n-aithneofar tábhacht an scoilphobail i bhforbairt na straitéise trí infrastruchtúr, acmhainní agus tacaíocht chuí a chur ar fáil.
Bord Stiúrtha, GAELSCOILEANNA TEO.

5. Critéir Thosaíochta do Mhórthionscnaimh Tógála

Molann an Chomhdháil seo go ndéanfaí leasú ar na Critéir thosaíochta do Mhórthionscnaimh
Tógála ag an Roinn Oideachais agus Scileanna, ionas go dtabharfaí aitheantas cuí do scoileanna atá i gcóiríocht shealadach go fadtéarmach.
Gaelscoil Philib Barún, Co Phort Láirge.

6. Soláthar Cóiríochta do Scoileanna le hAitheantas Buan

Cáineann an Chomhdháil seo an easpa dul chun cinn atá déanta ag an Roinn maidir le soláthar
cóiríochta do scoileanna le haitheantas buan atá ag fanacht le blianta fada.
Éilíonn an Chomhdháil
a) Go rachaidh an Roinn i ngleic leis an mbearna seo a dheisiú a luaithe agus is féidir chun go
dtabharfar cothrom na féinne do gach scoil.
Bord Stiúrtha, GAELSCOILEANNA TEO.

7. Siollabas Gaeilge na hArdteistiméireachta Ardleibhéil

Cáineann an Chomhdháil seo na leasuithe a rinneadh ar Shiollabas Gaeilge na hArdteistiméireachta Ardleibhéil gan sainriachtanais na scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge a chur san áireamh.

Éilíonn an Chomhdháil
a) Go ndéanfaidh an tAire Oideachais agus Scileanna athmhacnamh ar an gcinneadh diúltú d’iarratas na Meithle ATAL ábhar nua ardteiste a thabhairt isteach i saíocht agus i litríocht na Gaeilge le freastal ar dhaltaí le hardchaighdeán Gaeilge.
Bord Stiúrtha GAELSCOILEANNA TEO.

8. Forbairt na nAonad lán-Ghaeilge

Éilíonn an Chomhdháil seo go dtabharfaidh GAELSCOILEANNA TEO. an plé a bhí acu leis an Roinn Oideachais agus Scileanna i dtaobh stádais, riachtanas agus acmhainní do na hAonaid lán-Ghaeilge chun chríche.
Coláiste na Sceilge, Ciarraí.

9. COGG

a) Molann an Chomhdháil seo cinneadh na Roinne Oideachais agus Scileanna agus na Roinne
Airgeadais aitheantas a thabhairt do thábhacht obair COGG trí bhuiséad  suntasach a cheadú d’fhorbairt acmhainní don earnáil.
b) Cáineann an Chomhdháil, áfach, an moratóir fostaíochta atá ar COGG atá ag cosc orthu an clár oibre a chur i gcrích ceal foirne.
c) Cáineann an Chomhdháil an mhoill a bhaineann le ceapachán na Comhairle agus an mhoill dá réir ar chur i gcrích an chláir oibre.
Bord Stiúrtha, GAELSCOILEANNA TEO.

10. Seirbhísí agus Acmhainní Náisiúnta

Éilíonn an Chomhdháil seo go n-eagrófaí agus go scaipfí bunachar eolais maidir leis na seirbhísí
agus na hacmhainní náisiúnta atá ar fáil trí mheán na Gaeilge ar ghaelscoileanna na tíre.
Gaelscoil Bhaile Brigín, Baile Átha Cliath.

11. Na Saicrimintí as Gaeilge

Éilíonn an Chomhdháil seo go mbeidh an deis ag gach páiste atá ag freastal ar ghaelscoil na
saicrimintí a fháil i nGaeilge agus go mbeidh ceiliúradh na saicrimintí ar siúl san eaglais pharóiste is cóngaraí don scoil.
Gaelscoil Uí Earcáin, Baile Átha Cliath.

12. Painéal ath-imlonnaithe i bhfeidhm do mhúinteoirí

Éílionn an Chomhdháil seo go gcuirfear painéal ath-imlonnaithe i bhfeidhm do mhúinteoirí i
ngaelscoileanna láithreach.
Bord Stiúrtha, GAELSCOILEANNA TEO.
12. Cuíchóiriú na hEarnála Deonaí

Tacaíonn an Chomhdháil seo le haon athstruchtúrú ar an earnáil dheonach a bheadh chun leasa
earnáil na Gaeilge trí chéile agus earnáil na gaelscolaíochta ach go háirithe.
Éilimid dá réir
a) Go léireofaí nasc láidir idir aon samhail nua mhaoinithe agus Straitéis 20 Bliain an Rialtais don Ghaeilge, straitéis Fhoras na Gaeilge agus ról na n-eagraíochtaí iontu.
b) Go mbeidh todhchaí sheasmhach inmharthana ag an earnáil ghaeloideachais trí chóras ceart maoinithe bheith ar fáil.
c) Go mbeidh soláthar do chroí-mhaoiniú cuí móide maoiniú de réir tionscadail ar fáil don eagraíocht chun seirbhís a chur ar fáil a léireodh éifeacht agus éifeachtúlacht feabhsaithe, comhoibriú feabhsaithe agus comhroinnt acmhainní, saineolas agus saintaithí i mbealach comhordaithe, trédhearcach.

Bord Stiúrtha, GAELSCOILEANNA TEO.