Nósanna imeachta nua frithbhulaíochta á bhfoilsiú ag an Aire Oideachais agus Scileanna Ruairí Quinn T.D., do na bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna ar fad
Meán Fómhair 13, 2013
Éileofar ar scoileanna straitéisí oideachais agus coisc a bheith acu don chibearbhulaíocht.
Inniu, d’fhoilsigh an tAire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn T.D., nósanna imeachta nua frithbhulaíochta atá lena nglacadh agus lena gcur i bhfeidhm ag na 4,000 bhunscoil agus iar-bhunscoil ar fad. Tá na nósanna imeachta nua agus Ciorclán 0045/13 na Roinne a ghabhann leo foilsithe anois ar shuíomh gréasáin na Roinne ag http://edweb/en/Publications/Policy-Reports/Anti-Bullying-Procedures-for-Primary-and-Post-Primary-Schools.pdf
Forbraíodh na nósanna imeachta seo tar éis comhairlithe leis na comhpháirtithe cuí oideachais agus tá siad á gcur in ionad treoirlínte a eisíodh chuig na scoileanna i 1993. Cinneadh ar na nósanna imeachta seo mar thoradh ar athbhreithniú a rinneadh ar threoirlínte 1993 agus ar fheidhmiú an Phlean Aicsin um Bulaíocht a foilsíodh in Eanáir 2013.
De réir na nósanna imeachta nua ní mór go mbeadh an cosc ar an mbulaíocht ina chuid dhílis de pholasaí frithbhulaíochta scoile. Adúirt an tAire Quinn “bhí áthas air a fheiceáil go raibh fócas láidir sna nósanna imeachta ar straitéisí oideachais agus coisc chun déileáil le hiompraíocht bhulaíochta, go háirithe cibearbhulaíocht agus bulaíocht shainiúlacht-bhunaithe ar nós bulaíochta hómafóbaí agus trasfóbaí”.
Ní mór do gach scoil a polasaí frithbhulaíochta a fhorbairt de réir na nósanna imeachta. Ní mór don scoil an polasaí a fhorbairt i gcomhairle leis na tuismitheoirí, na mic léinn, agus foireann na scoile ar fad, agus aidhm aici cultúr agus atmasféar dearfach scoile a chruthú atá cuimsitheach agus a ghlacann le tréithe éagsúla i measc na mac léinn.
I measc príomheilimintí na nósanna imeachta tá:
- Béim láidir ar iompraíocht bhulaíochta a chosc trí chultúragus atmasféar dearfach scoile a chothú agus a fhorbairt atá bunaithe ar an gcuimsitheacht agus ar an urraim
- Cur chuige ag an scoil ar fad do chosc a chur le hiompraíocht bhulaíochta agus do dhul i ngleic léi
- Riachtanas go gcloífeadh na scoileanna go léir leis an dteimpléad caighdeánaithe polasaí chun a bpolasaithe frithbhulaíochta a fhorbairt
- Breis trédhearcachta do thuismitheoirí agus daltaí mar gheall ar an riachtanas ar scoil a polasaí frithbhulaíochta a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na scoile agus é a thabhairt do chumann na dtuismitheoirí
- Soiléiriú go n-áiríonn sainmhíniú na bulaíochta an chibearbhulaíocht agus bulaíocht shainiúlacht-bhunaithe (ar nós bulaíochta hómafóbaí agus bulaíochta ciníche)
- Leideanna praiticiúla faoin gcaoi le cultúr agus atmasféar dearfach scoile a thógáil atá bunaithe ar an gcuimsitheacht agus ar an urraim
- Nósanna imeachta soiléire chun an bhulaíocht a iniúchadh, a thaifead agus a réiteach. Tá sé aibhsithe sna nósanna imeachta gurb é is aidhm go príomhdha leis an iniúchadh ar an mbulaíocht ná fadhbanna ar bith atá ann a réiteach agus an caidreamh idir na páirtithe i gceist a athbhunú sa mhéid gur féidir é (seachas an milleán a roinnt).
- Socruithe maoirseachta ar a n-áirítear Príomhoide na Scoile a bheith ag cur tuarascála rialta chuig an mBord Bainistíochta agus riachtanas ar an mBord athbhreithniú bliantúil a dhéanamh ar pholasaí frithbhulaíochta na scoile agus ar fheidhmiú an pholasaí sin. Ní mór a dheimhniú do chumann na dtuismitheoirí go ndearnadh an t-athbhreithniú bliantúil agus an deimhniú sin a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na scoile.
Tá riachtanas ar na scoileanna go léir tús a chur láithreach leis na socruithe cuí chun polasaí frithbhulaíochta a fhorbairt a chloíonn go hiomlán le riachtanais na nósanna imeachta nua, agus glacadh go foirmeálta leis. Táthar ag súil go mbeidh sé seo curtha i gcrích ag gach scoil a luaithe is féidir sa scoilbhliain 2013/14 ach ar chaoi ar bith tráth nach déanaí ná deireadh an dara téarma den scoilbhliain 2013/14.
Dúirt an tAire Quinn go “soláthraíonn tabhairt isteach na nósanna imeachta an-deis chun dlús a chur leis an gcur chuige atá againn i leith an bhulaíocht a chosc agus a réiteach i scoileanna”. Dúirt sé freisin go bhfuil na nósanna imeachta scríofa i stíl atá áisiúil don úsáideoir, agus go ndíríonn siad i mbealach an-phraiticiúil ar an rud nach mór do na scoileanna a dhéanamh chun an bhulaíocht a chosc agus a réiteach. Is é an rud is bunúsaí ná na príomheilimintí a bheith ceart ar fud na 4,000 scoil ar fad. Is iomaí scoil a bhfuiltear á dhéanamh seo go maith inti cheana féin agus beidh na nósanna imeachta nua mar bhun agus mar thaca agus mar fheabhas breise ar an méid atá siad á dhéanamh cheana.
I gcás na scoileanna sin nach réitíonn fadhb na bulaíochta chomh maith céanna beidh na nósanna imeachta nua ina dteimpléad polasaí bulaíochta agus ina dtreoir phraiticiúil ina bhfuil leideanna le fáil i dtreo is go mbeidh sé soiléir dóibh céard tá le déanamh acu. Mar thoradh ar na tiomantais sa Phlean Aicsin um Bulaíocht, beidh Cigireacht na Roinne ag cur béime níos láidre ar na bearta nach mór do scoileanna a dhéanamh chun cultúr dearfach scoile a chruthú agus chun an bhulaíocht a chosc agus a réiteach.”
Ghabh an tAire Quinn a bhuíochas leis na comhpháirtithe éagsúla oideachais as an ionchur a bhí acu sna nósanna imeachta nua. D’admhaigh sé chomh maith an ról lárnach a bhí ag Teresa McNeill, Príomhoifigeach Cúnta ina Roinnse a d’oibrigh go dlúth leis na comhpháirtithe oideachais chun na nósanna imeachta seo a fhorbairt.
Tá na nósanna imeachta nua ceaptha chun treoir a thabhairt d’údaráis scoile agus lucht foirne scoile maidir le cosc a chur le hiompraíocht bhulaíochta scoil-bhunaithe i measc na ndaltaí agus maidir lena réiteach. Cabhróidh na nósanna imeachta leo chomh maith agus iad ag déileáil le droch-thionchar ar bith a bhíonn ag bulaíocht a tharlaíonn in áit eile ar dhaltaí agus iad ar scoil.
Tá feidhm ag na nósanna imeachta seo i leith na mbunscoileanna agus na n-iar-bhunscoileanna aitheanta ar fad agus i leith lárionaid oideachais (mar a shainmhínítear san Acht Oideachais, 1998 iad) a bhfreastalaíonn daltaí faoi bhun 18 bliain d’aois orthu. Áit a fhónann scoil ar aosaigh leochaileacha beidh feidhm ag na nósanna imeachta seo i leith na bhfoghlaimeoirí fásta sin chomh maith. Ní mór d’údaráis scoile agus lucht foirne scoile cloí leis na nósanna imeachta seo nuair a bheidh siad ag déileáil le líomhaintí agus teagmhais bhulaíochta.
Sainmhínítear an bhulaíocht sna nósanna imeachta nua mar dhroch-iompraíocht nach dteastaíonn, bíodh sí ó bhéal, síceolaíoch nó fisiceach, atá ar siúl ag duine aonair nó grúpa in aghaidh duine (nó daoine) eile agus a leantar leis thar thréimhse ama. Soiléirítear sna nósanna imeachta seo go n-áiríonn an sainmhíniú seo an chibearbhulaíocht agus bulaíocht shainiúlacht-bhunaithe (ar nós bulaíochta hómafóbaí agus bulaíochta ciníche).