Méid an Téacs

Oscailt an tSrutha i Scoil Íosaef

Eanáir 25, 2012

Osclaíodh Sruth na Gaeilge, Scoil Iósaef i Meán Fómhair 2010.  Is Sruth ilchumais é agus tháinig na céad daltaí chugainn anuaraidh ó Ghaelscoileanna áitiúla éagsúla. I mí Mheán an Fhómhair 2011 tháinig naoi scoláire dhéag eile chugainn isteach sa chéad bhliain. Tá muid ag dúil go mór le tógáil ar an éacht a rinne muid anuraidh, agus guíonn muid gach rath ar ár scoláirí nua. Tá dhá sheomra ranga againn agus dhá cheann eile le theacht fá dheireadh 2012, ach bogann na scoláirí tríd an scoil iomlán ar mhaithe le réimse iomlán na n-ábhar a fháil.  Tá foireann Sruth na Gaeilge ar a ndícheall caoga faoin gcéad den churaclam a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge ag Eochairchéim a trí. Faoi láthair déanann lucht an tSrutha na hábhair seo a leanas trí mheán na Gaeilge: an Ghaeilge, an Fhraincis, Reiligiún, Stair, Saoránacht, Forbairt Phearsanta, Infhostaitheacht, Ceol agus Drámaíocht. Tá teacht ar achan áis scoile ag daltaí an tSrutha. Tá Gaelscoláirí anois ina mbaill d’achan chineál club agus cumainn sa scoil; drámaíocht, ceol, galf, peil, sacar, iascaireacht, cócaireacht Fhrancach, camógaíocht agus ríomhaireacht ina measc.  Tuilleadh Eolais le fáil: Seán Ó Fearáin 028 877 61227