Méid an Téacs

Riachtanais na Gaeilge san Oideachas le plé ag Comhdháil COGG

Bealtaine 7, 2013

Beidh Comhdháil an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) dar teideal ‘Riachtanais na Gaeilge san Oideachas’ á reáchtáil ar an Déardaoin 23 Bealtaine 2013.

Tá sé mar aidhm ag an gcomhdháil seo 10 mbliana d’obair COGG a mharcáil, na dúshláin don Ghaeilge a phlé agus aghaidh a thabhairt ar na tacaíochtaí a bheidh de dhíth don oideachas trí Ghaeilge agus do theagasc na Gaeilge sna blianta romhainn.

Is iad na cainteoirí a leanas a bheidh i láthair ar an lá: Sean Ó Foghlú, Uasal, Ard-Rúnaí na Roinne Oideachais agus Scileanna; Seosamh Mac Donnacha, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh; An Dr Conchúr Ó Giollagáin, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh; An Dr. Brian Ó Curnáin, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath; Tamás Péterváry, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh; An tOllamh Alison Henry, Ollscoil Uladh agus An Dr Sarah Fitzpatrick, NCCA

Mairfidh an chomhdháil ó 9.30rn go 4in ag Óstán Bewley’s , Baile na Lobhar, Baile Átha Cliath. Ócáid dhátheangach a bheidh ann mar sin cuirfear seirbhís aistriúcháin chomhuainigh ar fáil. Ní mór clárú trí ríomhphost a chur chuig eolas@cogg.ie. Is é 15 Bealtaine an spriodháta le haghaidh clárúcháin.