Méid an Téacs

Rún éigeandála faoin ngaeloideachas glactha ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2013

Aibreán 9, 2013

Bhailigh Gaeilgeoirí ó cheann ceann na tíre le chéile in Óstán Chúirt na Canála ar an Iúr, Co. an Dúin ag an deireadh seachtaine le mórcheisteanna i saol na Gaeilge a phlé ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2013.

Pléadh réimse leathan de théamaí le linn na gceardlann, na bhfóram agus na cainte ag na Ard Fheis.

‘120 Bliain Ag Fás Agus Céard Atá Os Ár gComhair’ a bhí mar théama ag triúr cainteoirí Niall Comer, Uachtarán Chomhaltas Uladh; Seán Ó Coinn, Leas-Phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge agus Cormac Ó hEaghra, láithreoir aitheanta ar Raidió na Gaeltachta a tharraing aird ar shaincheisteanna ag baint le dúnadh Gaelscéal, éiginnteacht maidir le hOifig an Choimisinéara Teanga, cinntí an Rialtais i leith na Gaeilge agus saincheist maidir le fadhb chumarsáide idir lucht Straitéis 20 bliain don Ghaeilge agus pobal na Gaeilge.

Glacadh d’aon ghuth le dhá rún le linn na hArd-Fheise mar aon le rún éigeandála. Aithníonn an chéad rún a bhí ag Craobh Ghleann an Iolair go bhfuil sé riachtanach an pobal Gaeilge a aithint mar gheallsealbhóirí i gcur i bhfeidhm na Straitéise don Ghaeilge ó thuaidh ón tús agus na fadhbanna atá tar éis teacht chun cinn ó dheas a sheachaint.

Is é an dara rún, a bhí molta ag Donnacha Ó hAodha, ball den Choiste Gnó ná go bhfuil lagú déanta ar An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-30 ó dheas ó thosaigh an Comhrialtas nua, agus go bhfuil sé riachtanach go dtiocfaidh an pobal Gaeilge le chéile le teacht i dtír ar na fadhbanna atá cruthaithe ag an Rialtas reatha agus le cur chuige ceart a chur ar bun leis an Straitéis ina hiomláine a chur i gcrích.

Anuas air seo, tháinig rún éigeandála chun cinn, molta ag Pádraig Mac Fheargusa, ball den Choiste Gnó a deir: “Ag cur san áireamh tuairimí a foilsíodh sna meáin chumarsáide le déanaí maidir le dearcadh an Aire Oideachais agus Scileanna i dtaobh pholasaí iontrála scoileanna, éilíonn an Ard-Fheis ar an Rialtas gan cur isteach ar pholasaí iontrála na nGaelscoileanna agus na nGaelcholáistí ó thaobh chúlra Gaeilge na dtuismitheoirí / na ndaltaí de.”

Cuirfear na rúin seo faoi bhráid na n-airí cuí sa Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta chomh maith le Foras na Gaeilge, saineolaí aitheanta pleanála teanga agus heagraíochtaí pobail Gaeilge.

Atoghadh Donnchadh Ó hAodha ó Chraobh Chúil Aodha ina Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge don tríú bliain as a chéile mar chuid de na himeachtaí ag an deireadh seachtaine.

Foilsithe ar Gaelport.com