Méid an Téacs

Saol na hOllscoile-trí Ghaeilge

Lúnasa 12, 2011

Is é an t-am sin den bhliain nuair a bheidh daltaí Ardteiste ag fáil torthaí na scrúduithe agus ag pleanáil dá dtodhchaí.

Dár ndóigh beidh a lán acu ag bogadh óna gceantar dúchais chun freastal  ar Ollscoileanna agus Institiúidí Oideachais ar fud na tíre.

Leis seo beidh orthu neart foirmeacha a comhlán, costais a íoc agus eolas a bhailiú agus ní mór dóibh a bheith ar an airdeall go bhfuil an ceart acu seirbhísí a fháil trí Ghaeilge má theastaíonn sé uathu.

Tagann an chuid is mó de na hOllscoileanna agus Institiúidí Oideachais faoi scáth Acht na dTeangacha Oifigiúla a bhfuil sé mar aidhm aige líon agus caighdeán na seirbhísí trí Ghaeilge a chuireann comhlachtaí poiblí ar fáil don phobal a mhéadú agus a fheabhsú, ar bhealach eagraithe, thar thréimhse ama.

Tá scéim teanga ag neart Ollscoileanna agus Institiúidí Oideachais ina dtugtar gealltanais maidir leis na seirbhísí a bheidh á gcur ar fáil acu i nGaeilge nó go dátheangach. Orthu sin a bhfuil scéim acu tá;

  • Coláiste na hOllscoile Corcaigh,
  • Coláiste na Tríonóide,
  • Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath,
  • Ollscoil na hÉireann, Gaillimh,
  • Ollscoil Luimnigh,
  • Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad,
  • Institiúid Teicneolaíochta Trá Lí,
  • Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo,
  • Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn,
  • Institiúid Teicneolaíochta Dhún Dealgan,

Is féidir le daltaí scoile agus le mic léinn gach eolas a fháil faoi na seirbhís Gaeilge atá ag na hOllscoileanna agus Institiúidí Oideachais ó na hOifigigh Gaeilge nó Oifig na Gaeilge ar an gcampas nó ar shuíomh idirlín an Choimisinéara Teanga www.coimisineir.ie.

Gaelport.com