Méid an Téacs

Seachtain na Gaeilge á ceiliúradh sna Déise

Márta 6, 2014

Tá Seachtain na Gaeilge linn arís agus ar ndóigh tá sé á ceiliúradh i gContae Phort Láirge faoi láthair, le réimse imeachtaí eagraithe in áiteanna éagsúla ar fud an chontae. Tá Oifig na Gaeilge agus Seirbhís Leabharlainne Údaráis Áitiúla Chontae Phort Láirge ag comhoibriú arís i mbliana le Coiste Cúram Leanaí Phort Láirge chun roinnt imeachtaí Gaeilge agus dátheangacha a eagrú sa chontae ón 1-17 Márta 2014. Beidh an sraith ‘Scéalaíocht sa Leabharlann’ ar siúl arís, chomh maith le Bingó as Gaeilge agus Ciorcal Comhrá na Trá Móire. Leabharlann Dhún Garbhán Ar an gCéadaoin, 12 Márta, beidh Scéalaíocht do Pháistí Óga ar siúl le Jacqui de Siúin ó Choiste Cúram Leanaí Phort Láirge ag a 10.30r.n. Ócáid saor in aisce í seo, a bheidh oiriúnach do pháistí 0-3 bhliain d’aois agus beidh Scéalaíocht do Pháistí Bunscoile ar siúl ina dhiaidh ag a 11.30r.n. An Chéadaoin dar gcionn, 19 Márta reachtáilfear Ceardlann Rí Rá i nDearadh Choimicí do pháistí bunscoile leis an gcomhlacht Coimicí Gael, a fhoilsíonn coimicí as Gaeilge.
Beidh an cheardlann seo ar siúl ar a 10.30r.n. agus tá sé lán cheana féin. Leabharlann na Trá Móire Beidh Scéalaíocht sa Leabharlann sa Trá Mhór chomh maith ar an Aoine, 14 Márta ar a 11.00r.n., le Jacqui de Siúin Siúin ó Choiste Cúram Leanaí Phort Láirge. Beidh an Bingó as Gaeilge, a mbíonn an-tóir air, á reachtáil i Leabharlann na Trá Móire arís i mbliana. Tá sé seo dírithe ar pháistí bunscoile agus reachtáilfear é de réir éilimh trí theagmháil a dhéanamh leis an Leabharlann ar (051) 381479. Leanfaidh an Ciorcal Comhrá seachtainiúil ar aghaidh ar feadh mhí an Mhárta, gach oíche Dhéardaoin óna 7-8i.n., agus bíonn fáilte roimh dhaoine nua i gcónaí. Mar sin, má theastaíonn uait do chuid Ghaeilge a chleachtadh agus a úsáid i slí taitneamhach, beir leat go dtí Leabharlann na Trá Móire aon oíche Dhéardaoin. Tuilleadh eolais: Máire Seosaimhín Breathnach, Oifigeach Gaeilge (058) 20884

Foilsithe ar Gaelport.com