Méid an Téacs

Seimineáir ar Fhéinmheastóireacht Scoile (FMS) á n-eagrú ag an SFGM

Meitheamh 19, 2018

Tá áthas ar an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí a fhógairt go mbeidh fáil ar thuilleadh seimineár foghlaim gairmiúla ar ábhar na Féinmheastóireachta Scoile (FMS) le linn Mí Mheán Fómhair 2018.

Dearadh na semineáir seo i gcomhair ‘chuile príomhoide atá ag lorg tacaíochta ina n-athghabháil don phróiséas FMS ina scoileanna.

Beidh seimineáir i nGaeilge ar fáil sna hionaid seo:

12 Meán Fómhair 2018: Óstán Vienna Woods, Corcaigh

12 Meán Fómhair 2018: Ionad Oideachais Bhaile Átha Cliath Thiar

14 Meán Fómhair 2018: Óstán Longfort Arms, Longfort

Tá sé mar aidhm sna seimineáir tacaíocht a thabhairt do phríomhoidí trí:

  • cuntas a thabhairt ar na hacmhainní agus ar na straitéisí éagsúla atá ar fail dóibh i mbun athghabhála do phróiséas na FMS.
  • Iniúchadh a dhéanamh ar Threoirlínte FMS 2016 – 2020 agus ar Ag Breathnú ar an Scoil Againn 2016: Creat Cáilíochta do Bhunscoileanna chun tacaíocht a thabhairt don athghabháil seo leis an bpróiséas FMS.
  • cuntas a thabhairt ar uasdátuithe polasaithe chuí
  • deiseanna a thabhairt do rannpháirtithe iniúchadh a dhéanamh ar phróiséas na FMS ag baint úsáide as samplaí praiticiúla, chomh maith le deiseanna a sholáthair cleachtais a roinnt le ceannairí scoile eile.

Chun áit a chur in áirithint clicéail ar an nasc chun áit a chinntiú in ionad atá feiliúnach duit:

http://pdst.ie/node/6449

Iarrtar ar rannpháirtithe  cóipeanna de Treoirlínte Feinmheastóireachta Scoile 2016 – 2020 agus de Ag Breathnú ar an Scoil Againn 2016, Creat Cáilíochta do Bhunscoileanna a thabhairt leo do na seimineár.

Nóta: Ceadóidh An Roinn Oideachais agus Scileanna ionadaíocht más gá do Phríomhoidí Teagaisc a bhéas ag freastal ar an seimineár seo. Cuirfear liúntas taistil ar fail do rannpháirtithe. Cuirfear lón ar fáil ar an lá freisin. Seimineár lae ó 9.15am go 3.30pm a bhéas i gceist.