Méid an Téacs

‘Seo Linn’ le casadh ag ócáid GhaelscoilEois; ‘Party sa Phuball a Dó’

Aibreán 30, 2014

Ar an Satharn 3 Bealtaine, seinnfidh ‘Seo Linn’ , banna ceoil mór le rá a bhfuil an-tóir ar a bhfíseáin ar Youtube, ag ‘Party sa Phuball a Dó’ i gCluain Eois Co. Mhuineacháin.

D’eagraigh coiste na dtuismitheoirí ó Ghaelscoil Eois‘Party sa Phuball a Dó’. Beidh sé ar siúl sa charr clós ag lár baile Chluain Eois ar an Satharn 3 Bealtaine & ar an Domhnach 4 Bealtaine 2014.

“Táimid ag súil go mór leis an ócáid agus an deis buaileadh le gach aon duine ann,” arsa Keith Ó Briain ó Seo Linn. Tá breis agus 3 mhilliún amas faighte ag ‘Avicii Vs Lurgan’ le Seo Linn ar Youtube.

Seinnfidh an ceoltóir, Brian Mc Dermott, ar Domhnach 4 Bealtaine. Beidh dioscó ar siúl sa tráthnóna do na páistí.

Bhí an méid seo le rá ag Brian MacUaid, cathaoirleach Chumann na dTuismitheoirí: “Is rud iontach maith é go bhfuil Gaelscoil Eois ag fás bliain ina dhiaidh bliana. Ba scoil bheag í le beirt mhúinteoirí agus 30 daltaí cúpla bliain ó shin. Anois tá triúr múinteoirí agus 61 daltaí ann. Ardóidh sé sin go dtí thart ar 80 daltaí i mí Mheán Fómhair.

“An rud atá ár gcoiste ag iarraidh a dhéanamh ná cinntiú go bhfuil áiseanna den scoth ag an scoil do na daltaí agus do na múinteoirí. Bhí ‘Party sa Phuball’ ann den chéad uair anuraidh agus de bharr an iarracht ollmhór a chuir tuismitheoirí, múinteoirí agus cairde na scoile bhí an scoil in ann 21i pad a cheannach. Tá na daltaí ag bhaint socair agus sult astu agus iad ag foghlaim. Ba mhaith linn dul céim níos faide le hócáid na bliana seo.”

Chun tuilleadh eolais a fháil glaoigh ar 0868078984.

www.foras.ie