Méid an Téacs

Sraith Nua do dhaltaí atá ag réiteach do Bhéaltriail na Gaeilge

Feabhra 23, 2012

Tá tús á chur le sraith nua ar RTÉ Raidió na Gaeltachta a thabharfaidh cúnamh do dhaltaí Ardteiste ullmhú do bhéaltriail na Gaeilge.

Anois agus 40% de na marcanna ag dul don bhéaltriail sa Ghaeilge, díreoidh A Rá, a bheidh ag tosnú Dé Luain 27 Feabhra,  ar dhaltaí atá ag réiteach don scrúdú sin. Leanfaidh an tsraith ar feadh ocht seachtainí as seo nó go dtosóidh na scrúduithe i mí Aibreáin.

Is í an láithreoir raidió agus teilifíse, Síle Ní Scanláin, a bheidh sa chathaoir d’A Rá, agus beidh sobaldráma nua do dhéagóirí, An Baile Beag, mar chuid den chlár.  Aisteoirí óga as Conamara a bheidh le cloisteáil ann, agus tá súil gur bealach spraíúil, cruthaitheach a bheidh anseo cur le foclóir na ndaltaí, agus cuidiú leo le cúrsaí gramadaí, gan é bheith ró-chosúil le rang scoile.

Beidh beirt shaineolaí sa stiúideo le Síle freisin gach seachtain, le moltaí do dhaltaí.  Is iar-scrúdaitheoir í Caoimhe Ní Chuinn, agus beidh sise ag cur comhairle maidir leis na rudaí a bheidh á lorg ag an scrúdaitheoir, na botúin is mó a dhéantar, agus conas iad a sheachaint.  Beidh an múinteoir Máirín Ní Dhomhnaill ar an gclár gach seachtain chomh maith agus leideanna aici do dhaltaí maidir leis an gcaoi is fearr le réiteach don scrúdú.

Le cois na míreanna seo, beidh agallamh ann le haoi speisialta atá i mbéal an phobail, agus ar chuid acu siúd a bheidh le cloisteáil beidh Gráinne Bleasdale a bhí i bpáirt Sophie sa dráma Aifric, beidh Brídín Ní Mhaoldomhnaigh atá le feiceáil i bpáirt Katie i Ros na Rún, agus beidh Úna Ní Fhlatharta ón dráma Corp + Anam. Cloisfear míreanna faoi leith freisin ar an bhfilíocht, agus ar Shraith na bPictiúr, gné nua den scrúdú i mbliana.

Beidh A Rá le cloisteáil maidin Dé Luain 10.15 am, le hathchraoladh maidin Dé Sathairn 11.30 am, agus beidh an chéad chlár ag dul amach ar 27 Feabhra.  Beidh na cláracha uilig le fáil ar Sheinnteoir Raidió RTÉ, www.rte.ie/radioplayer, agus beidh siad le fáil ar leathanach Facebook Raidió na Gaeltachta, leis.  Tuilleadh eolais le fáil ag www.rte.ie/rnag, nó cuardaigh Raidió na Gaeltachta Oifigiúil ar Facebook.

Is léiriú de chuid Meangadh Fíbín Teo do RTÉ Raidió na Gaeltachta é A Rá, agus léiríodh an tsraith le maoiniú ón scéim Fuaim agus Fís de chuid Údarás Craolacháin na hÉireann.