Méid an Téacs

Tá teacht ar shraith nua faoi chúrsa Gaeilge na hArdteiste ar Phodchraoladh

Eanáir 10, 2012

Tá fiche clár ar fad sa tsraith nua seo agus tá teacht orthu ar www.raidionalife.ie.

Leanfar leis an sraith Gaeilge na hArdteiste ar Raidió na Life 106.4FM gach Aoine, ag tosnú ar 6 Eanáir 2012 ag 6.30pm. Beidh ocht gclár ag plé leis an mBéaltriail, agus clár amháin ag cur treorach agus eolas ar fáil ar Cluastuiscint, Léamhthuiscint agus Ceapadóireacht á gcraoladh idir seo agus tráth scrúdaithe 2012. Tá teacht ar na cláracha ar phodchraoladh chomh maith. Tá béim á leagadh ar an gcuid nua den gcúrsa Cur Síos ar Shraith Pictiúir agus Comhrá. Tá tábhacht níos mó ná riamh leis an mBéaltriail anois leis an méadú ar riar na marcanna ó 150 marc go dtí 240 marc i scrúdú na bliana seo.

Sa chéad chlár sa tsraith, a craoladh i dtús i rith an chéad téarma, tugtar forléargas ar a bhfuil i gceist sa Siollabas nua ó thús go deireadh. Tá teacht ar an gclár sin ar phodchraoladh, chomh maith le deich gclár eile atá ag plé leis an gcúrsa litríochta. Tá painéal de bheirt go bhfuil an-chur amach acu ar an gcúrsa ag cíoradh ábhar an chúrsa ar gach chlár. Tá na filí Nuala Ní Dhomhnaill, Cathal Ó Searcaigh, Pádraig Mac Suibhne, Biddy Jenkinson, chomh maith leis na scéalaithe Ré Ó Laighléis, Éibhlís Ní Dhuibhne agus Deirdre Ní Ghrianna i measc go leor eile, páirteach sa tsraith. Is iontach an deis í seo do dhaltaí cuid de na filí agus údair eile a chloisint ag léamh a gcuid saothar  féin agus ag míniú cad a spreag chun pinn iad. Bainfidh múinteoirí leas as an sraith leis; tabharfaidh sé deis dóibh léargas daoine eile ar an gcúrsa a phlé sa rang. Is le cabhair ó chiste craoltóireachta Fuaim & Fís de chuid Údarás Craolacháin na hÉireann a dhein an comhlucht léiriúchán Scéal Eile na cláracha seo do Raidió na Life 106.4FM.

Tuilleadh Eolais: Máiréad Uí Dhomhnaill: 087-7443037