Méid an Téacs

Trí Ghaelscoil nua le hoscailt ag an bhForas Pátrúnachta

Lúnasa 28, 2013

Cuirfidh na príomhoidí ar trí Ghaelscoil nua atá faoi phátrúnacht An Fhorais Phátrúnachta, fáilte roimh a gcéad daltaí amárach (29 Lúnasa).

Is scoileanna Ilchreidmheacha iad Gaelscoil na Giúise i dTeach na Giúise, Gaelscoil Shliabh Rua sa Chéim agus Gaelscoil Mhic Aodha i mBaile Chill Dara. Tosóidh siad amach le naíonáin bheaga amháin i mbliana. Creidtear go dtiocfaidh fás agus forbairt ar na Gaelscoileanna nua seo go tapaidh.

I mí an Mhárta 2012, d’aithin an Roinn Oideachais an t-éileamh ar Ghaeloideachais sna ceantair seo agus fógraíodh go n-osclófaí Gaelscoil faoi phátrúnacht an Fhorais Phátrúnachta iontu. Tá na hullmhúcháin do na scoileanna nua seo ar bun ó shin agus tá na príomhoidí nua ar bís faoin mbliain atá rompu.
“Léiríonn bunú na scoileanna nua seo an t-éileamh atá ar scoileanna lán-Ghaeilge atá Ilchreidmheach agus ilchultúrtha,” arsa Caoimhín Ó hEaghra, Ard Rúnaí ar an bhForas Pátrúnachta.

“Cuireann sé ríméad ar an bhForas Pátrúnachta a bheith in ann freastal ar na tuismitheoirí agus ar na daltaí seo trí scoileanna agus oideachas den scoth a sholáthar. Cinntíonn scoileanna an Fhorais fás, forbairt agus leathnú na teanga ní hamháin i measc daltaí agus pobal na scoile ach i measc pobal iomlán an cheantair.”

Tá Fionnuala Ní Riain, príomhoide ar Ghaelscoil na Giúise, ag súil le ré nua Ghaeilge a chothú i dTeach na Giúise. Dar le Conchur Ó Raghallaigh, príomhoide Ghaelscoil Shliabh Rua, tá an tsuim sa Ghaeilge agus sa chultúr sa Chéim ag méadú.
“Is é Gaelscoil Shliabh Rua an dara Gaelscoil i mBaile Átha Cliath 18,” a dúirt sé. “Táim ag súil le bheith ag obair le Gaelscoil Thaobh na Coille chun an grá don teanga atá sa cheantar seo a fhorbairt tuilleadh.”

Tá Norma Ní Chonchúir, príomhoide Ghaelscoil Mhic Aodha, an-bhródúil as an éacht atá bainte amach ag pobal na scoile i mBaile Chill Dara cheana féin.
“Tá tuismitheoirí na scoile tar éis an-tacaíocht a thabhairt dom. Tá éide scoile álainn socraithe acu agus suaitheantas na scoile deartha acu. Táimid ag súil go mór leis an mbliain atá romhainn.”

Le haghaidh agallaimh nó tuilleadh eolais, dean teagmháil le:
Orla Bradshaw :: orla@foras.ie :: 01-6294110

Bunaíodh An Foras Pátrúnachta sa bhliain 1993 ionas go mbeadh rogha eile ag scoileanna maidir le pátrúnacht. Is pátrúnacht náisiúnta é An Foras Pátrúnachta do scoileanna lán-Ghaeilge ag an mbunleibhéal agus ag an meánleibhéal. Tá An Foras Pátrúnachta ina Phátrún ar scoileanna lán-Ghaeilge a bhfuil éiteas Caitliceach, Ilchreidmheach, agus Idirchreidmheach (Caitliceach /Protastúnach) acu.