Méid an Téacs

Scléip Gael Linn – craobhchomórtas 2016

Eanáir 29, 2016

Fógra beag go mbeidh craobhchomórtas Scléip Gael Linn 2016 ar siúl  in amharclann Clasach, Cluain Tarbh ( www.clasac.ie ) Déardaoin, 4 Feabhra 2016.  Beidh suas le 300 aisteoirí, ceoltóirí, rinceoirí agus amhránaithe ó iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta ó Dhún na nGall go dtí Daingean Uí Chúise, mar aon lena gcuid múinteoirí agus tuismitheoirí, i láthair.  Tá clár na hócáide faoi iamh,  mar eolas daoibh – beimid ag cur tús leis na comórtais ag 11.00a.m. agus táim ag súil go mbeadh críoch le cúrsaí c. 5.30p.m.   Is éard atá i Scléip ná comórtas tallainne spreagúil agus spraíúil atá  dírithe go sonrach ar na hiarbhunscoileanna lán-Ghaeilge.  Cuirtear béim ar na healaíona comhaimseartha agus ar chruthaitheacht agus ar chumadóireacht na rannpháirtithe. (  http://gael-linn.ie/default.aspx?treeid=268&id=36   )

Bhí ceithre réamhbhabhta réigiúnacha ar siúl ag i rith mhí na Samhna/mí na Nollag –i nDoire, i nGaillimh,  i mBaile Átha Cliath agus  i Mainistir Fhear Maí, Co. Chorcaí, ag a roghnaíodh na hiomaitheoirí don chraobhchomórtas.  I measc na moltóirí a bheidh ann ar an lá, beidh an léiritheoir drámaí, Síle Ní Dhuibhne, an damhsóir, Sibéal Davitt, agus na ceoltóirí agus cumadóirí, Méabh Ní Thuathaláin, Cian Mac Cárthaigh agus Enda Reilly. Bronnfar duaiseanna ar na buaiteoirí  i ngach rannóg agus Gradam Scléip ar an amhránaí/ceoltóir aonair nó ar an ngrúpa is mó a sheasann amach as na buaiteoirí uilig sna comórtais ceoil/amhránaíochta.  Táimid ag súil le han-lá !

Beidh Seán Ó Ceallaigh ar fáil do agallaimh roimhré/ar an lá  – 01:6753299/087:2510980, nó is féidir liom sibh a chur i dteagmháil le múinteoirí ó na scoileanna éagsúla, más fearr libh.  Beidh mé féin thart ar an lá chomh maith – 087/2623953 – chun cabhrú le scoláirí a aimsiú nó eile !  Bheimis fíor-bhuíoch as aon phoiblíocht don ócáid !