Méid an Téacs

Teanga Tí – Gaeilge sa mBaile

Márta 29, 2017

iStock-491904826b

Beidh deontais €600 ar fáil uaidh Glór na nGael le teaghlaigh a spreagadh le Gaeilge a chur chun cinn sa mbaile. Is féidir le tuismeitheoirí le páiste acu sna naíonáin mhóra i nGaelscoileanna agus i scoileanna Gaeltachta leas a bhaint as an scéim. Tréimhse trí bliana a bheidh i gceist leis an scéim agus is gá do phríomhoidí gaelscoileanna agus scoileanna gaeltachta iarratas a dhéanamh. Tá Gaeloideachas ag tacú leis an scéim atá faoi lán-seol ón fichiú lá de Mhárta.

Deir Glór na nGael go bhfreastalóidh an scéim ar “riachtanais teanga teaghlaigh dhifriúla” agus go mbeidh ról lárnach ag na Gaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta féin leis.

Mar aon leis an €600 don scoil thar an iomlán, beidh dearbhán €140 ar fáil do theaglaigh atá nasctha leis an scéim le tús a chur leis na hiarrachtaí timpeallacht Ghaeilge a chruthú sa mbaile.

De réir rialacha an scéim, is gá go gcuirfidh scoil ar mhian leo páirt a ghlacadh ann €300 ar fáil, le go mbeidh €900 sa chíste ar mhaithe le himeachtaí Gaeilge a chur ar bhun dóibh siúd  a bheidh páirteach sa scéim.