An Naíonra Seoirseach
Aibreán 7, 2017
Tá oscailt mar Chúntóir Naíonra tagtha chun cinn leis an Naíonra Seoirseach (The Georgian Montessori). Tá Gaeilgeoir ag teastáil le cluichí a imirt leis na paistí agus Gaeilge a spreagadh ina measc, i mbealach spraoíúil, nádúrtha. Tá an naíonra lonnaithe i mBaile Átha Cliath 1 agus tosóidh an tréimhse i mí Meán Fómhair. Tá na páistí idir trí bliana agus dhá bhliain déag d’aois.Trí go leith uair in aghaidh an lae atá i gceist, óna leath huair tar éis a naoi go dtí a haon a chlog trathnóna. Beidh an té a chepfar ag obair ar an Luan más féidir ach tá solúbthacht i gceist . Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an naíonra tríd ríomhphost a sheoladh chuig TheGeorgianMontessori@gmail.com