Méid an Téacs

Tionscnamh Oidhreacht Teanga agus Deachaidrimh

Iúil 31, 2012

Tairiscintí á lorg ag Comhairle Cathrach Dhoire le Tionscnamh Oidhreacht Teanga agus Deachaidrimh a fhorbairt do phobail thuaithe sa cheantar comhairle

Is mian le Comhairle Cathrach Dhoire tairiscintí a fháil ó éascaitheoirí tionscnaimh ar suim leo taighde oidhreacht teanga a dhéanamh le pobail atá ina gcónaí i gceantair thuaithe Chomhairle Cathrach Dhoire.

Is é cuspóir an tionscnaimh ná oidhreacht teanga na bpobal tuaithe sa cheantar seo a fhiosrú le go mbeidh tuiscint níos fearr againn ar oidhreacht an Bhéarla, na Gaeilge agus na hUltaise agus ar an tionchar atá ag na teangacha seo ar éabhlóid na héagsúlachta cultúrtha agus sóisialta inár bpobail lasmuigh den chathair. Ina theannta sin, feabhsóidh an tionscnamh deachaidrimh idir phobail éagsúla an cheantair thuaithe mar go bhfásfaidh sé feascacht an phobail ar ár gcomhoidhreacht teanga ag leibhéal comhphobail agus ag leibhéal pearsanta.

Rachaidh an t-éascaitheoir a n-éiríonn leis nó léi an conradh a fháil dul i gcomhairle le pobail thuaithe ar mian leo bheith rannpháirteach, le hoidhreacht teanga na gceantar ina bhfuil siad ina gcónaí a chíoradh; beidh ar an té nó ar an eagraíocht a cheapfar stair theangacha an phobail a imscrúdú m.sh. stair na Gaeilge sa cheantar, logainmneacha, , béaloideas, tionchar Phlandáil Uladh ar ainmneacha teaghlaigh agus ar chaint na daoine agus measúnú ar stádas comhaimseartha na dteangacha sa cheantar i.e. an bhfuil an Ghaeilge go fóill beo sa cheantar?

Nuair a chríochnófar an obair seo cumascfar an t-eolas ar fad agus bainfidh Comhairle Cathrach Dhoire feidhm as an eolas le saothar ealaíne poiblí a chruthú, i gcomhar leis na pobail rannpháirteacha, a léiríonn scéal na dteangacha sna ceantair thuaithe agus a mhíníonn amlíne na dteangacha ó aimsir na Gaeilge go teacht an Bhéarla agus na hUltaise ó bhunadh an cheantair go dtí an lá atá inniu ann. Nuair a bheas an tionscnamh críochnaithe inseoidh sé scéal ár dteangacha, agus scéal na n-imeachtaí stairiúla a mhúnlaigh carachtar cultúrtha ár gceantar tuaithe.

Iarrtar ar aon duine ar suim leis nó léi tairiscint a chur isteach ar an deis seo, teagmháil a dhéanamh le Pól Ó Frighil, Oifigeach Gaeilge, Comhairle Cathrach Dhoire ag (028) 71376 579 nó seol ríomhphost chuig pol.ofrighil@derrycity.gov.uk.

Tá an tionscnamh seo arna mhaoiniú faoi Chiste Deachaidrimh Chomhairle Cathrach Dhoire le comhar ó Fhoras na Gaeilge.

27 Iúil 2012

T: (028) 71376579
derrycity.gov.uk/gaeilge

Comhairle Cathrach Dhoire
98 Bóthar na Trá
Doire BT48 7NN