Méid an Téacs

Tréaslaíonn GAELSCOILEANNA TEO. le Pobail agus Pátrúin na nIarbhunscoileanna Lán-Ghaeilge Nua

Iúil 26, 2012

Ba mhór le GAELSCOILEANNA TEO. comhghairdeas a dhéanamh le pobail agus pátrúin na n iarbhunscoileanna nua lán-Ghaeilge atá le bunú i 2014, de réir fógra an Aire Oideachais agus Scileanna, Ruairi Quinn.

“Is pribhléid a bhí ann dúinn bheith ag obair leis na coistí áitiúla a throid go dian agus go dícheallach leis na mblianta fada le haitheantas do na scoileanna seo a bhaint amach” a dúirt Clare Spáinneach, Oifigeach Forbartha GAELSCOILEANNA TEO. “Is cinnte go dtugann sé ard-spreagadh agus ardú meanma dúinn bheith ag obair le tuismitheoirí agus pobail atá chomh tiomanta i leith gaelscolaíocht a éileamh dá bpáistí”.

Tá 3 scoil den 14 aitheanta ag an Roinn mar scoileanna lán-Ghaeilge, agus tá aitheantas tugtha ag an Roinn chomh maith don mór-éileamh ar an ngaelscolaíocht i Maigh Nuad, áit a mbeidh Aonad lán-Ghaeilge le bunú san iarbhunscoil nua.

Beidh an 2 iarbhunscoil lán-Ghaeilge nua atá beartaithe do Bhaile Átha Cliath, i mBaile Brigín agus i nDún Droma, faoi phátrúnacht AN FORAS PÁTRÚNACHTA. Is scoileanna il sainchreidmheacha agus comhionannais a bheidh iontu. Tá 3 iarbhunscoil lán-Ghaeilge timpeall na tíre faoina bpátrúnacht cheana féin ag an bhForas agus is cinnte go mbeidh rath ar na scoileanna nua seo faoina gceannaireacht.

Rinne Coiste Gairmoideachais Co. Átha Cliath iarratas ar phátrúnacht na scoileanna i mBaile Brigín agus i nDún Droma chomh maith agus cé nár éirigh leo, d’aithin an Roinn Oideachais ina dtuairisc go ndéanfadh an bheirt iarratasóirí éagsúlacht a threisiú sa cheantar agus gur léirigh an pobal tacaíocht don dá iarratas. Tá 4 iarbhunscoil lán-Ghaeilge faoi phátrúnacht an Choiste Gairmoideachais i mBaile Átha Cliath cheana féin agus is cinnte go gcuirfidh pobail na scoileanna sin ana-thacaíocht agus misneach do bhunaitheoirí agus daltaí na scoileanna nua.

Is faoi Coiste Gairmoideachas Co. Chorcaí a bheidh an iarbhunscoil nua lán-Ghaeilge atá le hoscailt i gCarraig Uí Leighin. Tá ríméad ar choiste bunaithe Gaelcholáiste Charraig Uí Leighin, a bhí ag obair i gcomhar leis an gCoiste Gairmoideachais ó 2008 i leith leis an sprioc seo a bhaint amach. Tá súil acu go n-osclóidh an scoil don chéad uair i Meán Fómhair 2014.

Is iad Coiste Gairmoideachais Co. Chill Dara a aithníodh mar phátrún ar an scoil nua atá le bunú i Maigh Nuad, agus tá Aonad lán-Ghaeilge le bunú sa scoil mair aitheantas ar an éileamh fíor-láidir atá ar an ngaelscolaíocht sa cheantar. Tá breis agus 1,550 páistí ag freastal ar bhunscoileanna lán-Ghaeilge i Maigh Nuad, Cill Choca, Léim an Bhradáin agus Dún Bóinne agus tabharfaidh an Aonad seo deis dóibh leanúint lena gcuid oideachais trí mheán na Gaeilge. Tá sé luaite ag an Aire Oideachais go bhforbrófar an Aonad seo i gcomhairle le AN FORAS PÁTRÚNACHTA agus go mbeidh deis aige amach anseo fás ina scoil neamhspleách. Cuireann GAELSCOILEANNA TEO. fáilte ar leith roimh an deimhniú seo agus beimid ag súil go mór le comhoibriú leis na pátrúin agus an Roinn Oideachais ar fhorbairt an mhúnla nua seo.

Ba mhór le GAELSCOILEANNA TEO. aitheantas a thabhairt don ról ríthábhachtach a bhí ag tuismitheoirí agus pobail na gceantair thuasluaite i mbunú na scoileanna nua seo, nach mbeadh ann gan an tacaíocht agus díograis a léirigh na coistí bunaithe deonacha ina leith.  “Is fiú go mór an tairbhe an trioblóid” a dúirt Lúgh Ó Braonáin, rúnaí ar choiste bunaithe na scoile nua i nDún Droma, agus is mór an spreagadh a thugann tuismitheoirí dá leithéid agus bunú na scoileanna seo do phobal na gaelscolaíochta timpeall na tíre.

Tuilleadh Eolais:
Clare Spáinneach, Oifigeach Forbartha GAELSCOILEANNA TEO.
cspainneach@gaelscoileanna.ie | 01 8535193 | 087 9724020

Máirín Ní Chéileachair, Uachtarán GAELSCOILEANNA TEO.
mairinnicheileachair@gmail.com | 087 2861655

Is í GAELSCOILEANNA TEO. eagraíocht chomhordaitheach na scoileanna lán-Ghaeilge. Bunaíodh an eagraíocht i 1973 mar eagraíocht dheonach náisiúnta chun tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt na scoileanna lán-Ghaeilge ag an mbunleibhéal agus ag an iar-bhunleibhéal. Tá sí ionadaíoch ar na pátrúin ar fad a chuireann gaelscolaíocht ar fáil. Tugann an eagraíocht spreagadh, comhairle agus tacaíocht phraiticiúil don phobal, nó don duine sa phobal, a chinneann scoil a bhunú agus feidhmíonn sí ar mhianta an phobail. Tá 175 bunscoil lán-Ghaeilge agus 41 iarbhunscoil lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht faoi láthair.