Corn an Earagail
Samhain 5, 2013
Ar an 11 Deireadh Fómhair d’eagraigh Scoil Fhionáin, An Fál Carrach lá mór spóirt do na scoileanna sa cheantar. Bhí ceithre scoil i láthair: Scoil Fhionáin An Fálcarrach, Scoil Dhoire Beaga, Scoil An Luinnigh agus Scoil an Chlochan Liath – bhí seacht fhoireann san iomlán trí fhoireann cailíní agus ceithre fhoireann buachaillí. Bhí sé ar siúl ibpáirc GAA Chloich Cheann Fhaola ar feadh an lae – bhí an ghrian ag soilsiú anuas orainn agus bhí lá iontach ag gach duine. Is é an moladh a bhí ann go mbeadh sé again gach bliain má fhaigheann muid an deontas d’imeachtaí idirscoile. Cheannaíomar dhá chorn agus thugamas’Corn an Earagail’ orthu agus boinn fosta. Seo thíos grianghraif ón lá!