Méid an Téacs

Turas Gaeltachta Ghaelscoil Uí Éigeartaigh

Meitheamh 25, 2014

Chuaigh Rang 6 ó Ghaelscoil Uí Éigeartaigh, An Cóbh go Gaeltacht Chorca Dhuibhne arís i mbliana ar feadh 3 lá. Bhí an-turas go deo againn!

Chuamar ag surfáíl ar Thráigh na hInse, ag dreapadóireacht in Ionad Dreapadóireachta sa Daingin, ag breathnú ar dhúile beo na mara &rl i nDomhan Fothoinn an Daingin.

Chomh maith le sin thugamar cuairt ar RnaG agus thugamar ábhar (idir chaint & ceol) dóibh a d’úsáideadar ar an gclár ‘An Saol Ó Dheas’.

Chomh maith le sin thugamar cuairt ar roinnt de na scoileanna áitiúla mar a raibh na daltaí ag amhránaíocht, ag seinm ceoil, ag insint scéalta agus ag imirt peile dá chéile. Thugamar cuireadh do na daltaí ó na scoileanna sin teacht chuig céilí a d’eagraíomar ceann de na hoícheanta i halla Bhaile an Fheirtéaraigh. Bhí trí scoil páirteach, Gaelscoil Uí Éigeartaigh, Scoil Dhún Chaoin agus Scoil Naomh Eirc.