Aisteoirí Gairmiúla
Eanáir 23, 2013
An mbeadh spéis agat bheith páirteach i ndráma bunaithe ar shiollabas Gaeilge na hArdteistiméireachta?
Beidh an dráma faoi stiúir Shéamuis Uí Aodha.
Táimid ag lorg aisteoirí gairmiúla idir 20-35 bliain le taithí aisteoireachta chomh maith le taithí i gcumadóireacht drámaí.
Beidh an dráma ar siúl sa Taibhdhearc an 4 – 8 Márta agus beimid ag dul ar chamchuairt chuig scoileanna ar fud na tíre an tseachtain dar gcionn.
Má tá spéis agat ann déan teagmháil linn ag 091-562024 nó seol ríomhphost chuig eolas@antaibhdhearc.com le do CV agus headshot.
Foilsithe ar Gaelport.com