Méid an Téacs

Bainisteoir / Stiúrthóir Naíonra

Iúil 2, 2012

Tá bainisteoir / stiúrthóir a lorg ag Naíonra Montessori de hÍde, Órán Mór, Contae na Gaillimhe.

Post lánaimseartha: Seirbhís seisiúnach l (9 r.n. go 12 i.n. agus 12 15i.n. go 3.15i.n.)

Riachtanais:

  • Meas agus ómos do pháistí óga
  • Ar a laghad teastas FETAC Leibhéal 7/8 Mórdhámhachtain i gCúram Leanaí .
  • Líofacht i nGaeilge (labhartha agus scríofa) agus líofacht i samhail Lán Tumadh luath
  • Eolas agus tuiscint críochnúil ar chleachtais agus polasaithe cúram leanaí.
  • Réamh thaithí ar fhoireann a bhainistiú.
  • Inniúlacht i gcáipéisí deontais a chomhlíonadh (ECCE)
  • Scileanna cumarsáide agus idirphearsanta d’ardchaighdeán, ag plé le foireann agus daoine i gcoitinne.
  • Cumas seirbhís d’ardchaighdeán a fhorbairt agus a choinneáil sa Naíonra.
  • Tuarastal coimhlinte ag brath ar thaithí agus ar cháilíochtaí.

Iarratais:

Litir iarratais agus CV chuig: naionra@ymail.com nó:
Naíonra Montessori de hÍde,
Gaelscoil de hÍde,
Órán Mór,
Contae na Gaillimhe.

Dáta deireadh iontrála ná Máirt 24ú Iúil 2012.

Próiseas céimithe earcaíochta a bhéas ann más gá.

Is  fostóir comhionannas deiseanna é  Naíonra Montessori de hÍde Teo.

Maoinithe ag Rialtas na hÉireann faoin bPlean Forbairt Náisiúnta 2007-2013