Athfhógairt: Beirt Oifigeach Forbartha á earcú ag Gaelscoileanna Teo.
Bealtaine 6, 2015
Oifigeach Forbartha x 2 á lorg
le cúram ar leith do chur chun cinn an Oideachais lán-Ghaeilge Gaeltachta
Athfhógairt
Tá dhá fholúntas ag Gaelscoileanna Teo. d’Oifigigh Forbartha a bheidh lonnaithe i gContae na Gaillimhe agus a dhéanfaidh cúram go príomha do riachtanais na scoileanna lán-Ghaeilge i ngach Gaeltacht ag an mbunleibhéal agus an iarbhunleibhéal.
Scála Tuarastail: Oifigeach Feidhmiúcháin: €27,464 – €43,178
Lán-aimseartha, Conradh 3 Bliana
Tuilleadh eolais, sainchuntas poist móide foirm iarratais le fáil trí ghlaoch a chur ar 01-8535195 nó trí ríomhphost chuig oifig@gaelscoileanna.ie
Eolas faoi ghnó na heagraíochta ar fáil ag www.gaelscoileanna.ie
Spriocdháta le haghaidh iarratas comhlánaithe: roimh a 5.00 i.n. Déardaoin, 4 Meitheamh 2015.
Ní ghlacfar le haon iarratais i ndiaidh an spriocdháta.