Dianchúrsa i Scríobh an Ghearrscéil & an Úrscéil
Lúnasa 22, 2012
Cuirfidh MINN cúrsa cuimsitheach 6 deireadh seachtaine i ‘Scríobh an Ghearrscéil agus an Úrscéil’ ar fáil sa Scríobhlann, áras traenála MhINN i mBaile Uí Bheachin, Co. an Chláir.
Tabharfar áit d’ochtar (8) ar an gcúrsa agus is é an scríbhneoir Ré Ó Laighléis a bheidh mar stiúrthóir/teagascóir ar an gcúrsa. Cuirfear tús leis ar dheireadh seachtaine 22/23 Meán Fomhair.
Tá ábhar agus gach costas teagaisc don Dianchúrsa seo n-íoc ag Foras na Gaeilge, ach is faoi na rannpháirtithe féin a bheidh sé íoc as a gcuid lóistín agus taistil (cuirfidh MINN liosta de thithe lóistín agus óstáin an cheantair ar fáil don ochtar a roghnófar).
Satharn 10 am – 12.30 pm agus 2.30 pm – 4 pm agus Domhnach 10.30 am – 12.30 pm a bheidh i gceist ar gach ceann de na dáta seo leanas:
- Deireadh Seachtaine 1: 22/23 Meán Fómhair
- Deireadh Seachtaine 2: 6/7 Deireadh Fómhair
- Deireadh Seachtaine 3: 20/21 Deireadh Fómhair
- Deireadh Seachtaine 4: 3/4 Samhain
- Deireadh Seachtaine 5: 17/18 Samhain
- Deireadh Seachtaine 6: 1/2 Nollaig
Tabharfar aghaidh sa chúrsa seo ar Bhun-eilimint agus Struchtúir an Ghearrscéil agus an úrscéil. Tabharfar teagasc ar bhun-eilimint amháin gach aon deireadh seachtaine: Carachtracht / Plota / Comhrá / Inseoireacht (agus an t-eadarghaol idir Inseoireacht agus Comhrá)/ Céimeanna éagsúla an Chomhrá / Srl
Tá gach eolas agus Foirm Iarratais* ar fáil ó:
Ailsa Ellis, MINN, Loch Reasca, Baile Uí Bheachin, Co. an Chláir.
Fón 065 707 7256 / ríomhphost: moinin@eircom.net .
*Dáta deiridh le haghaidh iarratais is ea an Luan 3 Meán Fómhair 2012