Feidhmeannach Riaracháin
Nollaig 14, 2012
Tá Feidhmeannach Riaracháin á lorg ag An Foras Pátrúnachta, Pátrún Náisiúnta agus Eagraíocht Bhainistíochta ar Scoileanna Lán-Ghaeilge ag an mbun agus ag an meánleibhéal.
Duine le hard scileanna riaracháin oifige, sár scileanna cumarsáide mar aon le hardchaighdeán Gaeilge atá de dhíth.
Riachtanach don phost:
Taithí riaracháin oifige, ábaltacht oibriú as a stuaim féin, ceadúnas tiomána agus carr.
Conradh bliana atá i gceist le tréimhse promhadh 3 mhí. (Is féidir síneadh ama a chur leis an gconradh seo)
Tuarastal: €25,000 – €30,000 (Ag brath ar cháilíochtaí agus ar thaithí)
Tuilleadh eolais: caoimhin@foras.ie.
Iarratais:
Seol litir iarratais mar aon le CV chuig caoimhin@foras.ie roimh 16:00, 04 Eanáir 2013.
Ní ghlacfar le haon iarratais i ndiaidh an spriocdháta.
Is fostóir comhionannais deise é An Foras Pátrúnachta.