Folúntas: Cigire Ceantair Bunscoile sa Roinn Oideachais agus Scileanna
Bealtaine 6, 2016
Tá dualgas reachtúil ag an Chigireacht, rannóg den Roinn Oideachais agus Scileanna, Maidir le measúnú ar chaighdeán an teagaisc agus na foghlama i scoileanna agus in ionaid oideachais. Oibríonn cigirí le feabhas a chur ar chaighdeán an teagaisc agus na foghlama do pháistí agus do dhaoine óga. Tá an Chigireacht ag díriú go háirithe faoi láthair ar thacaíocht a thabhairt do cheannaireacht agus do bhaill foirne scoileanna chun go dtabharfaidh siad faoi féin-mheasúnú dáiríre chun go dtiocfaidh feabhas ar scoileanna. Ní mór do Chigirí eolas agus saineolas a bheith acu ar réimsí ar nós curaclaim agus measúnú, an oideolaíocht, beartas oideachais agus cúrsaí bainistíochta scoile.
Bunófar painéil agus is féidir go líonfar cibé folúntais a thagann chun cinn astu i mBaile Átha Cliath agus sna réigiúin.
Leabhrán Eolais
1652506_Primary District Inspector Final Booklet.pdf
Dáta Fógartha
06/05/2016
Dáta Deiridh na nIarratas
26/05/2016