Folúntas: Stiúrthóir Cúnta i Naíonra Montessori Chluain Dolcáin, Baile Átha Cliath.
Meitheamh 12, 2015
Folúntas: Stiúrthóir Cúnta i Naíonra Montessori Chluain Dolcáin, Baile Átha Cliath.
Tá Stiúrthóir cúnta ag teastáil ó Naíonra Montessori Chluain Dolcáin. Is iad na huaireanta oibre ná 8.30 – 3.30. Páirtaimseartha, trí lá sa tseachtain.
Tá cumas maith Gaeilge (labhartha agus scríofa) riachtanach don phost.
Ba chóir go mbeadh ná cáilíochtaí seo a leanas ag iarrthóirí chomh maith, nó iad a bheith sásta tabhairt fúthu.
Dianchúrsa FNT
Traenáil gharchabhrach
CDBO leibhéal 6 nó níos áirde
Chun cur isteach ar an bpost caithfear litir iarratais agus CV le hainmneacha bheirt mholtóirí a chur chuig Louise.
Ba chóir Folúntas – Naíonra bheith scríofa mar theideal ar ríomhphost chuig Louise ag louisegaffney3105@hotmail.com nó sa phost chuig:
Naíonra Montessori Chluain Dolcáin,
47 Bothar Naomh Brighid
Chluain Dolcáin
B.A.C 22
Chun tuilleadh eolais ar an bpost seo a fháil, déan teagmháil le Louise (086 0798067).