Láithreoirí & Rannpháirtithe Á Lorg Do Shraith Nua Teilifíse Saoil Ar TG4
Feabhra 7, 2013
Tá sraith teilifíse náisiúnta ar bhealach maireachtála á léiriú ag Stirling Film &TV Productions faoi láthair, sraith atá bunaithe ar airgead a dhéanamh ar nithe nach bhfuil uait níos mó. An bhfuil bealach níos fearr le tús a chur le 2013 ná slán a fhágáil ag an gcosamar go léir atá bailithe agat agus airgead breise a dhéanamh, chomh maith le spás breise a dhéanamh– i do theach agus i d’intinn féin?
An coincheap atá ann ná go mbaileoidh na rannpháirtithe nithe ina dtithe; éadaí, seantroscán nó giuirléidí, agus go gcuirfidh na láithreoirí sainchomhairle orthu maidir le hairgead a thuilleamh ar na nithe sin a dhíol ar eBay nó ag ceantanna eile ar líne, chomh maith le ag aontaí nó díolacháin as búit cairr ina gceantar féin. Beidh sprioc ag gach duine, nó ócáid le freastal uirthi, ina rachaidh an
t-airgead ina threo. D’fhéadfadh luach seintimintiúil a bheith ag nithe áirithe, agus é deacair scaradh leo… ach tharlódh gurb iad sin na nithe is mó a dhéanfadh airgead.
Beidh trialacha scáileáin á reáchtáil againn do láithreoirí le Gaeilge, chomh maith le saineolaithe díolacháin ar líne nó ag aontaí. Cuirfear fáilte roimh thallann nua agus níl taithí riachtanach.
Má tá suim agat ann, seol chugainn éisteacht a thaifead tú féin agus an méid seo ann (i nGaeilge):
• PTC (Píosa chuig ceamara) ag cur an chláir i láthair
• Agallamh gearr le ‘rannpháirtí’
• Físeán gearr ina ndéanann tú measúnú ar ní atá le díol. An fiú tada é agus an ndéanfadh sé airgead ar bith ag ceant?
Seol fís-iarratais, chomh maith le CV, chuig pol@stirlingtelevision.co.uk tráth nach déanaí ná Dé Luain, 11ú Feabhra.
Nó chuig:
Pól Penrose
137 University Street,
Béal Feirste
BT7 1HP
Tá rannpháirtithe le Gaeilge á lorg againn freisin do 6 chlár atá le taifeadadh ar fud na hÉireann i rith mhíonna an earraigh agus an tsamhraidh. Mar sin, más mian leat féin, le do theaghlach nó le do chomhghleacaithe airgead breise a dhéanamh ar nithe nach bhfuil uait níos mó, chun freastal ar ócáid e.g. bainis – do bhainis féin fiú, chun dul ar saoire, chun feabhas a chur ar do theach, chun trealamh nua a cheannach, nó díreach chun spás breise a dhéanamh i do theach, líon isteach an fhoirm ag http://www.stirlingtelevision.co.uk/news/seeking-presenters-participants-for-a-new-lifestyle-television-series-for-tg4.html le d’iarratas a dhéanamh!
Dé hAoine 22ú Feabhra 2013 an spriocdháta do gach iarratas.
Fuair Stirling TV Productions maoiniú ón gCiste Craoltóireachta Gaeilge agus ó TG4 don léiriú.