Oifigeach Forbartha Ógras
Deireadh Fómhair 15, 2012
Tá Oifigeach Forbartha Laighean/Connacht á lorg ag Óg-eagraíocht Chonradh na Gaeilge, Ógras.
Post Páirt-Aimseartha – 22.5 uair sa tseachtain
Dualgais:
-Clubanna óige, Gaeilge, Ógras a bhunú agus a fhorbairt timeall an dá réigiún.
-Cúrsaí agus imeachtaí a eagrú do chlubanna Ógras agus Óg-Ógras.
-Tacaíocht agus comhairle a chur ar fáil do cheannairí na gclubanna.
Riachtanach:
-Ard-Chaighdeán Gaeilge
-Taithí ar obair óige
-Ard-scileanna cumarsáide & idirphearsanta
-Ábalta obair as a stuaim féin-
-Scileanna maithe ríomhaireachta
-Ceadúnas glan tiomána agus carr féin
Inmhianaithe:
-Cur amach ar Ógras, ar earnáil na Gaeilge agus ar an earnáil óige go ginearálta
-Taithí ar chúrsaí poiblíochta & margaíochta
Iarratas:
Seol litir iarratais chomh maith le C.V. chuig:
Riarthóir, Ógras,
6 Sráid Fhearchair,
B.Á.C. 2
Teil: 01 4751487
R-phost: maedhbh@ogras.ie
Spriocdháta: Dé hAoine 26 Deireadh Fómhair, 2012.
Foilsithe ar Gaelport.com