Post buan -Cúntóir riachtanas speisialta, Gaelscoil an Chuilinn, BÁC 15
Aibreán 9, 2014
Tugann Bord Bainistíochta Gaelscoil an Chuilinn cuireadh d’iarrthóirí, a bhfuil cáilíochtaí oiriúnacha acu, cur isteach ar phost mar Chúntóir Riachtanais Speisialta sa scoil chun cuidiú le daltaí a bhfuil deacrachtaí ar leith acu i gcomhthéacs oideachasúil. Beidh Gaeilge líofa riachtanach don phost seo.
Beidh dualgais le comhlíonadh maidir le huaireanta Páirc an Chrócaigh de réir Ciorclán 71/2011.
Ba bhreá linn iarrthóir a cheapadh a bheadh in ann tacú le fás agus forbairt na scoile.
Tabhair faoi deara:
- Beidh gearrliostáil a dhéanamh ar iarrthóirí.
- Ní ghlacfar le foirmeacha iarratais a chuirtear sa phost.
- Ní chuirfear san áireamh iarratais a thagann isteach mall.
- Is é 22 Aibreán 2014 an sprioc d’iarratais.