Príomhoide
Deireadh Fómhair 14, 2015
Tá Bunscoil Phobal Feirste ag iarraidh príomhoide a cheapadh a léiríonn go soiléir, ag staid an iarratais agus ag staid an agallaimh araon, fís ghlinn don scoil, a bhfuil ardscileanna labhartha agus scríofa i nGaeilge aici/aige agus a chuireann agus a fhorbraíonn an t-éiteas Gaelscolaíochta agus a éascaíonn atmaisféar ina n-aithnítear fiúntas gach duine agus ina gcuirtear misneach i ngach duine.
Critéir Riachtanacha:
- Bunchéim agus cáilíocht aitheanta teagaisc agus bheith cláraithe le GTCNI faoi dháta an cheapacháin
- 8 mbliana ag obair i nGaelscoil nó in earnáil ábhartha chuí le 11 bhliain anuas
- 2 phointe bainisteoireachta le 3 bliana ar a laghad
- Taithí inléirithe i mbainisteoireacht daoine agus acmhainní
- Ardscileanna cumarsáide sa Ghaeilge
Critéir Inmhianaithe:
- PQH nó cúrsa iarchéime ábhartha breise a bhronnann cáilíocht
- Bheith ina p(h)ríomhoide nó ina leas-phríomhoide
Chun foirm iarratais agus tuilleadh eolais a fháil gabh i dteagmháil le;
An Rúnaí, Bunscoil Phobal Feirste, 11 Páirc Rosgoill, Bóthar Seoighe, Béal Feirste BT11 9QS.
Guthán: 028 90301598 nó ledwards064@c2kni.net
Dáta druidte: 3.i.n. Dé Luain, 2ú Samhain 2015
Is fostóir comhionannais é Bunscoil Phobal Feirste