Stiúrthóir Naíonra – Sord
Meitheamh 13, 2013
Tá stiúrthóir ag teastáil ó Naíonra nua atá beartaithe do cheantar Sord, Co. Átha Cliath. Uaireanta oibre: 9.15r.n. – 1.00i.n. (Luan go hAoine) 38 seachtain sa bhliain.
Is gá go mbeadh taithí 2 bhliain agus líofacht na Gaeilge (labhartha agus scríofa) ag an iarrthóir mar aon le cáilíocht CDBO Leibhéal 6 i gCúram Leanaí ar a laghad bainte amach ina iomláine.
Moltar go mbeadh na cáilíochtaí seo a leanas ag iarrthóirí chomh maith, nó iad a bheith sásta tabhairt faoi:
• TEG B2
• Dianchúrsa FNT
• Traenáil gharchabhrach
• Traenáil Chosaint Leanaí
Is gá go gcuirfeadh an iarrthóir 2 theistiméireacht scríofa ar fáil.
Má tá suim agat sa phost seo téigh i dteagmháil le Clodagh ar 087 9714370.
Dáta Deiridh: Dé Céadaoin, 31 Iúil, 2013
Foilsithe ar Gaelport.com