Teagascóirí Gaeilge á lorg ag Coláiste Hibernia
Aibreán 11, 2014
Fáiltíonn Coláiste Hibernia roimh iarratais ó theagascóirí Gaeilge don mhodúl ‘An Ghaeilge Acadúil’ atá ar cheann de phríomh-mhodúl an Ard-Dioplóma Ealaíon sa Bhunoideachas.
Ní mór taithí teagaisc a bheith ag iarratasóirí mar aon le hardchaighdeán Gaeilge agus scileanna maithe ríomhaireachta.
Le cur isteach ar an bpost seo, líon isteach an fhoirm ar líne (nasc thíos) le do shonraí pearsanta chomh maith le haon taithí chuí atá agat.
Tá foirm iarratais ar fáil Anseo
Spriocdháta d’iarratais: 9 Bealtaine 2014