Méid an Téacs

121digital – Conas mar a oibríonn sé i nGaelscoileanna

Eanáir 19, 2016

121

Pléann 121digital le daltaí Idirbhliana a bhfuil spéis acu sa chúram agus tugann sé an deis dóibh scileanna digiteacha a mhúineadh, ina nGaelscoileanna, duine le duine leis an bhFoghlaimeoir – duine fásta ón bpobal áitiúil.

Tá Pobalscoil Chorca Dhuibhne, An Daingean, Co Chiarraí ag cur an chláir seo ar fáil do mhuintir na háite as Gaeilge ó 2012 agus Coláiste Ráithín, Bré, Co Chill Mhantáin le blianta beaga anuas.

1212

Tá sé chomh maith againn é a admháil – is iad na déagóirí saineolaithe digiteacha ár linne! Tugann an clár seo aghaidh ar an easpa scileanna digiteacha atá ag daoine fásta (meánaosta agus seandaoine) rud a fhágann ar an imeall iad. Is clár é ina bhfuil ‘óg ag múineadh aosta’ agus aithníonn sé go bhfuil taitneamh ann don déagóir scileanna a mhúineadh don duine fásta. Tugtar na ceachtanna SAOR IN AISCE. Faigheann na teagascóirí tacaíocht ó na Meantóirí, ó Threoirleabhair phroifisiúnta agus óna gcomhghleacaithe atá ag obair leo mar theagascóirí agus mar sin, bíonn cabhair i gcónaí ar fáil.

Tabhair cuairt ar an suíomh idirlín www.121digital.ie  chun tuilleadh eolais a fháil agus roinn an t-eolas le daoine eile … AR FÁIL do gach Gaelscoil in Éirinn.

Cuireann 121digital cúrsaí ar fáil freisin in Ollscoileanna, Leabharlanna, Clubanna Óige, Ionaid Pobail, agus Ionaid Oiliúna eile.