Méid an Téacs

Ag Saibhriú Saol Páistí faoi dhíospóireacht ag Comhdháil Bhliantiúil Gaelscoileanna Teo. 2011

Samhain 21, 2011

Osclóidh Ciarán Cannon, Aire Stáit Oiliúna agus Scileanna Comhdháil Oideachais Bhliantúil GAELSCOILEANNA TEO. dar téama Ag Saibhriú Saol Páistí a bheidh ar siúl in óstán an Tullamore Court, An Tulach Mhór, Co. Uíbh Fhailí ar an 25 agus an 26 Samhain 2011.

Ag tagairt do mhana na Comhdhála Ag Saibhriú Saol Paistí míníonn Bláthnaid ní Ghréacháin, Ardfheidhmeannach GAELSCOILEANNA TEO.  gur  “tráthúil an mana é i bhfianaise dúshláin leanúnacha i ngeilleagar na tíre a bhfuil tionchar díreach acu ar eispéireas agus ar thodhchaí oideachais na bpáistí.  Deimhníonn afách mána na Comhdhála agus ábhar na Comhdhála féin go bhfuil saol na bpáistí á saibhriú tríd an chóras tumoideachais agus de thoradh an chórais tumoideachais.”

Beidh Comhdháil Bhliantúil agus Oideachais 2011 ag díriú ach go háirithe ar ábhar, impleachtaí agus tábhacht  na Straitéise Litearthachta agus Uimhearthachta don Fhoghlaim agus Don Saol 2011 – 2020. Sa chomhthéacs  seo cuirfidh an Dr. Shiel ón bhForas Taighde torthaí úr nua ó na tastálacha ar chaighdeán an mhata agus an Bhéarla sna scoileanna lán-Ghaeilge i láthair an slua. Deir Ní Ghréacháin ina leith

“Táimid an-bhuíoch den Dr. Gerry Shiel as teacht inár láthair chun labhairt faoi na torthaí agus na himpleachtaí lena mbaineanna do na scoileanna.  Tuigtear dúinn go n-aithneoidh na torthaí go bhfuil roinnt dúshláin sa chóras, go háirithe mar a bhaineann leis an mata, ach de réir mar a bheimis ag súil leis, deimhníonn an taighde go bhfuil caighdeán an Bhéarla sna scoileanna lán-Ghaeilge ag leibhéal ard agus ag ardú. Is cruthúnas é seo ar sár-obair, díograis agus cumas na scoileanna agus sár-éifeacht an chórais tumoideachais mar chóras oideachais”.

Go tráthúil ar an 16 Samhain 2011, d’fhoilsigh  an NCE-MSTL (an Lárionad Sármhaitheasa i bhFoghlaim agus Teagasc an Mhata agus an Eolaíocht) torthaí taighde ar bhonn fianaise a léiríonn go bhfuil buntáistí trí chur chuige an dátheangachais i gceist don pháiste i bhfoghlaim an mhata.  Deir Ní Ghréacháin “fáiltímid go mór roimh an aitheantais seo agus is bunchloch an-láidir é d’fhorbairt scileanna  an Mhata sna scoileanna lán-Ghaeilge i gcomhthéacs na Straitéise.”

Cuireann sí fáilte ar leith roimh Phríomhfheidhmeannach an Choimisiún um Chearta an Duine a labhróidh ag fáiltiú na Comhdhála faoi pholasaithe iontrála scoile, éagsúlacht agus iolrachas sa chóras oideachais, agus rochtain ag tuismitheoirí ar an ngaelscolaíocht ag an dá leibhéal i gcomhthéacs cearta an duine.

Labhróidh Uachtarán na hEagraíochta, Mícheál Ó Broin mar chuid dá aitheasc ar na príomhdhúshláin atá romhainn san earnáil ghaelscolaíochta, ar a n-áirítear an próiseas aitheantais do scoileanna nua, cóimheas múinteoirí le daltaí agus cúrsaí cóiríochta ag an dá leibhéal.  I dtaobh clár na Comhdhála, deir Ó Broin,

“Tá an-áthas orm a fhógairt go mbeidh clár cuimsitheach fiúntach á chur ar fáil le linn na Comhdhála dhá lá a chuirfidh go mór le hoiliúint ghairmiúil na scoileanna lán-Ghaeilge. De réir an aiseolais ó na scoileanna, is iontach an deis í an Chomhdháil  chun cur leis agus ceiliúradh a dhéanamh ar ardchaighdeán na scoileanna lán-Ghaeilge, agus táimid an-sásta go n-éireoidh linn freastal ar riachtanais oiliúna na scoileanna lán-Ghaeilge arís i mbliana”.

Gabhann Ó Broin buíochas ar leith leis an dá scoil lán-Ghaeilge sa cheantar atá ag cur go mór le h-ullmhúchán na hócáide, “táimid fíor-bhuíoch de Ghaelscoil Éadan Dóire agus de Ghaelscoil an Eiscir Riada atá ag cabhrú linn chun an pobal a chur ar an eolas agus a chuirfidh a gcuid páistí go mór le siamsaíocht na hócáide. Cabhraíonn a tacaíocht a chinntiú go mbeidh Comhdháil mhealltach agus ar ardchaighdeán ann agus léiríonn a gcúnamh an tábhacht a bhaineann le forbairt an scoilphobail. Gabhaimid buíochas mór freisin le Foras na Gaeilge as an maoiniú do reáchtáil na Comhdhála seo.”

Féadfar clárú don Chomhdháil ach teagmháil a dhéanamh leis an oifig ag 01 8535195. Tá gach eolas faoin gComhdháil ar www.gaelscoileanna.ie

Is í GAELSCOILEANNA TEO. eagraíocht chomhordaitheach na scoileanna lán-Ghaeilge.  Cabhraíonn sí le tuismitheoirí agus le grúpaí áitiúla scoileanna nua a bhunú agus tacaíonn sí leis na scoileanna atá bunaithe cheana féin.

Do lucht na Meáin Chumarsáide ag súil le freastal ar an gComhdháil Bhliantúil san Óstán an Tullamore Court, An Tulach Mhór, Co. Uíbh Fhailí ar an 25 agus an 26 Samhain 2011 nó d’éinne eile ag lorg eolais, moltar teagmháil a dhéanamh le:

Oifig ag 01-8535195 nó Bláthnaid ní Ghréacháin ag 086 8050335 / Mícheál Ó Broin ag 0879467700.