Méid an Téacs

Ag tacú leis an teanga

Nollaig 3, 2012

Tá dhá dhearcadh ann maidir le staid na Gaeilge: is féidir labhairt faoi athbheochan na Gaeilge nó faoi fhorbairt na Gaeilge.

Is fearr liomsa ‘forbairt na Gaeilge’. Tá dul chun cinn ollmhór déanta ag foghlaim na Gaeilge: tá áiseanna den scoth ar fáil do scoileanna, leithéidí na hábhair ón Áisaonad i gColáiste Ollscoile Naomh Muire, Béal Feirste.

Tá cúrsaí ann do dhaoine fásta bunaithe ar thaighde a léiríonn duit an bealach is fearr do chuid féin a dhéanamh den teanga, cúrsaí atá suimiúil, beomhar, tarraingteach agus nua-aimseartha. Ar an drochuair, níl cúrsa ann go fóill a dhéanann ‘an jab iomlán’ taobh istigh de dhá chlúdach: caithfidh tú dul ó leabhar amháin go leabhar eile chun míniúchán beacht a fháil go minic.

Ach tá réiteach ann: bhí mé iontach gnóthach ar na mallaibh – tabhair cúpla mí dom. Agus ar ndóigh, tá an t-idirlíon againn. Cuidíonn sé leis an fhoghlaimeoir ar gach leibhéal. Luaim áiseanna ar an ghréasán go rialta, agus inniu ba mhaith liom aird a thabhairt ar shuíomh a bhfuil fiúntas thar barr ann – gaelport.com.

Tá réimse leathan ábhair ar an suíomh. Tugtar an nuacht is déanaí faoi shaol na Gaeilge- imeachtaí sóisialta agus cultúrtha, cúrsaí Gaeilge in Éirinn agus thar lear, an Ghaeilge sa chóras oideachais, an Ghaeilge sa státchóras agus an Ghaeilge i saol an uile lae. In ‘As na Nuachtáin’ faigheann tú míreanna nuachta i nGaeilge agus i mBéarla a bhaineann leis an Ghaeilge, ábhar ón Derry Journal ina measc- thuas ansin leis an Irish Times, an Irish Independent, Foinse, Gaelscéal srl.! Fógraítear folúntais oibre do dhaoine a bhfuil Gaeilge acu ar an suíomh chomh maith.

Is le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge an suíomh agus bíonn sé á fhorbairt an t-am ar fad. Imríonn an Chomhdháil ról tábhachtach i bhforbairt na teanga (chan san athbheochan!). Is leis an Chomhdháil scéim ‘An Fáinne’. Coinníonn sí súil ghéar ar chearta teanga agus ar stádas na Gaeilge. Níl eagla ar an eagras labhairt amach.

I ráiteas réamhbhuiséid iarrann an Chomhdháil ar an Rialtas machnamh géar a dhéanamh ar cheisteanna na Gaeilge agus tacaíocht a léiriú don teanga agus don Ghaeltacht.

‘Éilímid go gcuirfí na hacmhainní cuí ar fáil sa bhliain 2013 chun tógáil ar an dea-obair atá á cur i gcrích ag earnáil dheonach na Gaeilge le fada. Nílimid i gcoinne athruithe, ach is gá go gcruthófaí go mbeidh pé athruithe atá molta chun leas na Gaeilge.’

www.derryjournal.com
Foilsithe 30 Samhain 2012