Méid an Téacs

Aip Nua ‘Saol Faoi Shráid’

Deireadh Fómhair 23, 2015

12143134_10153824376205681_1536028228893662644_nSheol Leo Moran as na Saw Doctors an leabhar agus an aip nua ‘Saol Faoi Shráid’ ag Féile Baboró 2015. Tá siad seo bunaithe ar an tsraith puipéadóireachta do leanaí atá le feiceáil ar Cúla 4 ar TG4 i láthair na huaire. Tá an leabhar nua foilsithe le tacaíocht ó COGG agus beidh an aip á foilsiú sna seachtainí seo romhainn le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge.

Scéal spraíúil agus spleodrach faoi chairdeas ó Patricia Forde, Kevin O’Boyle agus Meangadh Fíbín, cruthaitheoirí Saol faoi Shráid atá sa leabhar nua ‘An Giotár Nua’ agus í ar fáil i siopaí díolta leabhar mórthimpeall na tíre.

Tá leagan beag agus mór den leabhar ar fáil. Tá an leabhar mór feiliúnach do mhúinteoirí, naíolanna agus naíonraí.

Gan an iomarca a insint daoibh seo giota gearr faoin scéal…..

Is breá le Glibín a bheith ag seinm an ghiotáir….ach níl aon ghiotár aige! Socraíonn Ribín giotár a dhéanamh as bruscar dá deartháir Glibín ach is rún atá ann. Cabhraíonn a cairde Dris agus Rocco léi ach tá fearg ar Ghlibín mar nach bhfuil Ribín sásta spraoi leis.

Beidh an aip ar fáil saor in aisce i gceann seachtain nó dhó….coinneoidh muid ar an eolas sibh!!